skip to main content

Léirsithe ag grúpaí Gaeilge, Gaeltachta lasmuigh den Dáil

Teanga agus tithíocht ba chás le lucht agóide ag geataí Theach Laighean inniu
Teanga agus tithíocht ba chás le lucht agóide ag geataí Theach Laighean inniu

Léirsigh grúpaí Gaeilge taobh amuigh de Dháil Éireann inniu mar chuid dá bhfeachtas in éadan na gciorruithe de €820,000 a d'fhógair Foras na Gaeilge ag deireadh mhí Eanáir.

RAIC is teideal don fheachtas a bunaíodh le haird a tharraingt ar an ghéarchéim maoinithe agus ar an réiteach a chreideann na grúpaí Gaeilge is furasta a chur i bhfeidhm ach ciall a bheith ag an DUP.

Tháinig sé chun solais arú inné gur chuir an DUP bac seacht n-uaire le sé mhí ar mholadh leasú chun feabhais a dhéanamh ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge.

Bhí léirsiú ag lucht RAIC taobh amuigh de Thionól Stormont inné.

Tiocfaidh an scéal i gceist arís an mhí seo chugainn, tráth a bheas buiséad na Roinne Pobal ó thuaidh le haontú.

Bhailigh baill den ghrúpa feachtais TINTEÁN taobh amuigh de Theach Laighean inniu fosta.

Tithíocht sa Ghaeltacht is cás le TINTEÁN agus tháinig siad go Baile Átha Cliath leis an phlé ar Bhille Údarás na Gaeltachta sa Dáil a thapú.

Tá TINTEÁN ag éileamh ar an Rialtas an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní airgeadais a theastaíonn le Rannóg Tithíochta Gaeltachta a bhunú a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Dar leo go gcuirfeadh seo ar chumas mhuintir na Gaeltachta talamh agus cead pleanála a fháil gan an dua atá ann faoi láthair.

Creideann siad chomh maith go gcuirfí ar fáil dá bharr an bonneagar atá de dhíth le haghaidh fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht.

Ag an am chéanna, ar chuireadh ó Shinn Féin, bhí cruinniú sa Bhruiséil ag toscaireacht ó TINTEÁN le hionadaithe tofa ó bhallstáit eile san Eoraip a bhfuil teangacha mionlaigh iontu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ