Tá ceannairí an fhreasúra tagtha le chéile ar maidin leis an gconspóid faoi chearta labhartha i nDáil Éireann a phlé.
Tá an freasúra thar a bheith míshásta go ndeachaigh an Ceann Comhairle Verona Murphy chun cinn le vóta ar an gceist inné in aghaidh a dtola siúd.
Tá dóiteacht orthu freisin faoi gur chuir sí an Dáil ar fionraí go gairid i ndiaidh an vóta.
Is é a fhad ar a ghiorracht é gur vótáladh glacadh le moladh an Rialtais cearta labhartha a thabhairt do Theachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a thacaíonn leis an Rialtas.
Ceaptar go bhfuil sé ar intinn ag an bhfreasúra rún mímhuiníne sa Cheann Comhairle a chur os comhair na Dála ar an mbonn nár léirigh sí inné go raibh sí neamhspleách ar an Rialtas, dar leo.
Os a choinne sin, deir Verona Murphy nár thug an freasúra an urraim chuí do phost an Chinn Chomhairle nuair a tharraing siad aighneas roimh an vóta agus ina dhiaidh.
Deir an Taoiseach Micheál Martin gur scéal chailleach an uafáis ag an bhfreasúra é.
Níl ann, ar sé, ach ocht nóiméad breise d'am labhartha a thabhairt do Theachtaí Neamhspleácha dhá lá sa Dáil agus ní chaillfidh an freasúra oiread agus nóiméad dá n-am labhartha féin dá bharr.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ