Ta an cuardach fós ar bun i gCo Chiarraí d'fheirmeoir atá ar iarraidh. Níl tásc ná tuairisc ar Michael 'Mike' Gaine ó chonacthas go deireanach é maidin Déardaoin seo caite.
Tá cuardach na nGardaí dírithe arís inniu ar chlós feirme Mike Gaine.
Tá an limistéar cuardaigh laghdaithe go mór i gcomórtas leis an ndeireadh seachtaine nuair a bhí na ceadta acraí ar leaca na gcnoc á gcuardach.
Bhí na Gardaí, an Chosaint Shibhialta, Cumann Tarrthála Sléibhe Chiarraí agus suas le 250 duine ón áit páirteach sa chuardach san.
Breis agus 1,000 acra atá i bhfeirm Mike Gaine – talamh sléibhtiúil, sceirdiúil agus iargúlta.

Inné, níor lorg na Gardaí cabhair sa chuardach ó mhuintir na háite agus bhí an cuardach dírithe ar chlós feirme Mike Gaine atá suite ar leaca cnoic tamaillín síos ó bhóthar an N71 idir Neidín agus Cill Airne.
Bhí conraitheoirí ar an láthair i gcaitheamh an lae inné agus na dabhcha aoiligh i mbothán na mbó á bhfolmhú acu.
Bhí mórán tochailte á dhéanamh ag innealra gar dos na botháin agus seantigh feirme atá buailte ar an gclós.
Tuigtear go bhfolmhófar dabhach aoiligh eile inniu.

Cé go ndeir na Gardaí gur 'duine ar iarraidh' is ea Mike Gaine go fóill, deirid leis go bhfuilid ag plé leis an bhfiosrúchán le haigne oscailte.
Tá Mike Gaine ar iarraidh anois ó Deardaoin seo a d'imigh tharainn. Chonacthas go deiridh i siopa i Neidín é timpeall 10 a chlog ar maidin.
Tá íomhá do Mike Gaine ó cheamara slándála eisithe ag na Gardaí agus iad ag lorg eolais ar an bpobal.
Tá siad ag tathant ar aon duine go mbeadh físeáin ó cheamara deaise acu a tógadh ar an N71 idir Neidín agus Cill Airne, na físeáin sin a chur ar fáil dóibh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ