skip to main content

Údarás na Gaeltachta: 'fógra faoi bhord úr sna laethanta amach romhainn'

Tá sé dearbhaithe ag Roinn na Gaeltachta gur ceapadh bord úr ar Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil cuid de na ceapacháin ceadaithe ag an Aire Thomas Byrne agus cuid eile ag an Aire Dara Calleary.

Tháinig deireadh le téarma an bhoird dheireanaigh ag deireadh na bliana seo caite.

Is ar an nuachtán Tuairisc.ie inniu a nochtadh gur ceapadh an bord úr– ochtar comhaltaí agus an cathaoirleach – ach nár fógraíodh an scéal.

I ráiteas a fuair Nuacht RTÉ ó Roinn na Gaeltachta tráthnóna, dúradh gur ceapadh cuid de na comhaltaí ar an bhord den dara téarma agus go ndéanfaí fógra poiblí sna laethanta amach romhainn ag dearbhú na gceapachán.

Ta ionadaithe tofa ón fhreasúra míshásta, ámh, nár fhógair an Roinn na ceapacháin go poiblí cheana.

Dúirt an Comhairleoir Contae i nDún na nGall, John Shéamuis Ó Fearraigh ó Shinn Féin, go bhfuil sé "dochreidte go bhfuil seo ag tarlú, tá an Rialtas ag tarraingt na gcos arís, mar a bhí le blianta fada".

"Gheall siad toghchán áitiúil don bhord a bheith acu, ach níor tharla sin, agus anois tá an bord úr ceaptha i ngan fhios don phobal, ná againne mar ionadaithe poiblí.

"Níl a fhios againn caide atá a tharlú. Tá sé thar am an toghchán do bhord an Údaráis a thabhairt ar ais".

I reachtaíocht úr atá á chur chun cinn ag an Rialtas, moltar gurb é an Rialtas féin a cheapfadh seisear de shé chomhalta dhéag bhord an Údaráis seachas an pobal.

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dúirt sé gur moladh neamhdhaonlathach é sin agus mhaígh go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael ag déanamh beag is fiú den toghchán atá geallta acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ