An caidreamh eacnamaíochta idir Éire agus na Stáit Aontaithe an t-ábhar comhrá a bhí ag an Tánaiste Simon Harris agus Rúnaí Tráchtála na Stát Aontaithe Howard Lutnick nuair a labhair siad le chéile ar an teileafón aréir.
Ó tá geilleagar na hÉireann ag brath ar infheistíocht ó chomhlachtaí ilnáisiúnta as na Stáit Aontaithe tá imní ar an Rialtas go mbeidh an tír seo thíos leis go mór má chuirtear i bhfeidhm na polasaithe cosantaíocha atá Rialtas Mheiriceá a ghealladh.
Tá an socrú cánach atá ag na comhlachtaí sin in Éirinn ag dó na geirbe ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus ag Howard Lutnick.
Dar le Lutnick gur "socrú cam" atá ann agus tá rún aige, a deir sé, deireadh a chur leis.
Mar le cúrsaí trádála, tá sé ráite cheana ag Lutnick go bhfuil sé "áiféiseach " gur luachmhaire a n-easpórtálann Éire go Meiriceá ná a n-iompórtálann sí as an tír sin.
Meastar go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe le tuilleadh taraifí a ghearradh ar earraí ón Aontas Eorpach an mhí seo chugainn agus gurb é an cosantaíochas a bheas i réim i gcúrsaí trádála domhanda go ceann tamaill.
Dúirt an Tánaiste go raibh súil aige cruinniú béal ar bhéal a bheith aige le Howard Lutnick go luath.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ