Tá "ar a laghad 21 duine maraithe" de bharr ionsaithe aeir de chuid Iosrael thar oíche i nGaza a deir an Roinn Sláinte ansiúd.
Géarú eile ar an gcogaíocht é ón aer agus ar an talamh, agus fórsaí Iosrael i mbun gnímh i Rafah gar den teorainn leis an Éigipt.
Tugadh 11 corp aréir chuig Ospidéal Al-Ahli i gCathair Ghaza; ceathrar fear, triúr ban agus ceathrar páiste.
In aon ionsaí amháin diúracáin cuireadh beirt ghasúr, a dtuismitheoirí, a mamó agus uncail leo den tsaol.
Tugadh 11 corp eile chuig Ospidéal Nasser i gcathair Khan Younis, seachtar a maraíodh aréir agus ceathrar i rith an lae inné.
Triúr a tugadh chuig an Ospidéal Eorpach de bharr ionsaí eile aeir in aice le Khan Younis.
Deir feidhmeannaigh sláinte de chuid Ghluaiseacht Hamas go bhfuil beagnach 700 Palaistíneach maraithe ó thug Iosrael faoin gcogadh arís i nGaza an tseachtain seo caite, tar éis thréimhse réasúnta ciúin le linn sos comhraic a haontaíodh mí Eanáir.
Tá 400 bean agus gasúr i measc na marbh sin a deir lucht leighis.
Tá sé ráite ag Hamas chomh maith go bhfuil roinnt de lucht ceannais na Gluaiseachta maraithe sna hionsaithe nua ó Dé Máirt seo caite.
Deir Rialtas Iosrael go leanfaidh an feachtas armtha go scaoilfear as géibheann na gialla uilig atá fós á gcoinneáil ag Hamas - tuairim is 59 duine, 24 acu in mbeatha ceaptar.
Deir an rialtas áitiúil agus na seirbhísí éigeandála i Rafah go bhfuil 50,000 duine faoi léigear ag saighdiúirí Iosrael i gceantar Tel Al-Sultan na cathrach, "iad sáinnithe i smionagar na cathrach, gan uisce, gan bia, gan aon chuidiú leighis."
Le "sceimhlitheoirí agus a gcuid suíomhanna bonneagair" a chur ó mhaith a deir Arm Iosrael atá siad i mbun feachtais i Rafah.
50,000 duine atá maraithe i nGaza ó chuaigh Iosrael ag lorg díoltais ar an ionsaí a rinne Hamas mí Dheireadh Fómhair arú anuraidh tráth gur maraíodh 1,200 agus gur tógadh 250 duine ina ngialla.
"Treisiú ar dhaoine á ndí-shealbhú ag Iosrael ar an mBruach Thiar" – MSF
Idir an dá linn, tá Dochtúirí gan Teorainneacha (MSF) ag cur fainic "faoin mór-chontúirt" do Phalaistínigh atá díbeartha as a gcuid tithe ag an bhfeachtas leanúnach atá ar bun ag Arm Iosrael ar an mBruach Thiar.
D'éiligh an cumann ar Iosrael "deireadh láithreach" a chur le dí-shealbhú daoine agus a chinntiú go bhfuil cuidiú fóirithinte ar fáil.
Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil 40,000 duine díbeartha le 2 mhí anuas, nuair a thug Arm Iosrael ruathar faoin taobh ó thuaidh den Bhruach Thiar, "ar thóir grúpaí armtha".
Tá an limistéar, ina bhfuil cónaí ar 3 mhilliún Palaistíneach, faoi Fhorghabháil Iosrael ó 1967 agus 500,000 Iosraelach ina gcónaí anois ann, i gcóilíneachtaí atá ag sárú an dlí idirnáisiúnta.
Thosaigh feachtas Arm Iosrael an athuair san áit deireadh mhí Eanáir, 2 lá tar éis don socrú sealadach síochána a bheith déanta le Hamas i nGaza.
Más fíor d’Aire Cosanta Iosrael Israel Katz tá feachtas "a mhairfidh go deireadh na bliana beartaithe i 3 champa teifeach - Jenin, Tulkarem agus Nur Shams", ach deir MSF go bhfuil "na scórtha míle fágtha gan dídean agus gan seirbhísí riachtanacha" agus gur "mór-údar imní meabhairshláinte an phobail sa réigiún".