Tá sé bagartha arís ag Uachtarán na Stát Aontaithe,Donald Trump,nach mbeidh reibiliúnaithe Houthis san Éimín buíoch 'má leanann siad orthu i mbun ionsaithe ar thrácht mara sa Mhuir Dhearg'.
Tá roinnt buamála déanta ag scairdeitléain mhíleata le Meiriceá ar ionaid san Éimín le laethanta anuas.
Tuairiscítear gur iarr Rúnaí Cosanta Mheiriceá,Pete Hegseth, ar na Houthis 'stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an stráice farraige sin mar aicearra idir an tAigéan Indiach agus Atlantach.
Deir aireacht sláinte na Houthi gur maraíodh breis is 50 duine agus gur gortaíodh suas le 100 a bhuíochas do na diúracáin a scaoil aerfhórsa Mheiriceá arú inné.
Tá sé ráite freisin go ndearna reibiliúnaithe ionsaí sa Mhuir Dhearg ar bhád 'Harry Truman', ceann d'iompróirí na n-eitleán cogaidh atá ag Meiriceá.