Tá foláireamh tugtha ag tíortha an G7 d'Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go ngearrfar tuilleadh smachtbhannaí ar an tír sin mura nglacfaidh sé le sos comhraic san Úcráin.
Chíor airí gnóthaí eachtracha an G7 an cheist i gcruinniú a bhí acu in Québec i gCeanada le dhá lá.
Bhagair na hairí i gcomhráiteas a d'eisigh siad i ndiaidh an chruinnithe inniu go gcuirfidís srianta ar phraghas ola ón Rúis, cuir i gcás, mura nglacfadh Putin leis an sos comhraic 30 lá a mhol Rialtas na Stát Aontaithe Dé Máirt seo caite, nó le leagan de.
Athdhearbhaíodh sa ráiteas freisin dílseacht dhaingean an G7 don Úcráin – "do shaoirse, do fhlaitheas agus do neamhthuilleamaíocht na hÚcráine" – agus áitíodh nárbh fholáir slándáil na tíre i bhfad na haimsire a chur san áireamh in aon sos comhraic.
Ina cheann sin, arsa na hairí, ní mór don Úcráin a bheith bonn ar aon leis an Rúis i dtaca leis an margáil agus comha na síthe.
Thug Vladimir Putin le fios inné go raibh sé i bhfabhar sos cogaidh a chur i bhfeidhm san Úcráin de réir mholadh na Meiriceánach "a fhad is a rachfaí i ngleic le bunúdar na coimhlinte".
Dúirt Putin freisin nár mhór tuilleadh plé a dhéanamh ar an scéal agus mhaígh go raibh imní air go mbainfeadh Arm na hÚcráine leas as sos comhraic lena stór a bhiorú.
File fuar a rinne Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky de ráite Putin, ámh.
Mhaígh sé gur imní mar dhóigh de a bhí ar fhear na Rúise agus dúirt gur ag siléigeacht agus ag scéiméireacht a bhí sé le dúil fiontar na Meiriceánach a chur de dhroim seoil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ