Thóg triúr ó theaghlach aitheanta Burke as Co Mhaigh Eo achrann ag dinnéar fleáchais Chiste na hÉireann in Washington DC aréir.
Ag iarraidh aird a tharraingt a bhí siad ar chás duine den teaghlach, an múinteoir scoile Enoch Burke, a bhfuil príosún curtha air in Éirinn as ordú cúirte a shárú.
A mháthair Martina, a dheirfiúr Ammi agus a dheartháir Isaac, d'éirigh leo dul chomh fada le seomra an dinnéir, áit a ndearna siad gleo agus iad ag agairt na cúise leis na haíonna.
I measc na n-aíonna, bhí an Taoiseach Micheál Martin, Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Hilary Benn, Ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe Peter Mandelson agus teachtaí ó Chomhdháil Mheiriceá.
Sa Mhúsaem Náisiúnta Foirgníochta in aice leis an Teach Bán a bhí an ócáid ar siúl agus bhí an Taoiseach díreach tar éis óráid a thabhairt nuair a bhrúigh muintir Burke ar leac an doichill aige.
Is le mórán dua a chuir lucht slándála amach as an áit iad ar deireadh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ