Fógraíodh inniu sa Bhreatain go bhfuil piolla nua ceadaithe ag na húdaráis sláinte don inmheatróis. Ach go dtí go mbeidh a leithéid ar fáil in Éirinn, leanfaidh mná ar aghaidh ag fulaingt - sin nó ag fáil cóir leighis thar lear.
Tá an t-ealaíontóir Méadhbh Ní Eidhin as an Spideál i gCo. na Gaillimhe ag fulaingt leis an inmheatróis ó bhí sí ina déagóir.
Tá sí i measc na mílte bean in Éirinn atá buailte ag an tinneas - meastar go bhfuil sé ar an deichiú cuid de na mná anseo.
Sé atá i gceist leis an inmheatróis go bhfásann fíocháin atá cosúil le líneáil na broinne, taobh amuigh den bhroinn. Bíonn na fíocháin seo ina gcúis le pianta láidre a fhágann go mbíonn sé deacair ag an bhean leanbh a ghineadh, nó fiú má éiríonn léi éirí torrach, an leanbh a iompar go deireadh. Is minic go maireann an tinneas blianta fada ón chéad sileadh míosúil sna déaga go dtí go dtagann an t-athrú saoil nó an meanapás.

Dúirt Meadhbh le Nuacht inniu go mbíodh sí lúbtha ar an urlár leis an phian ach cé gur dearbhaíodh di i 2017 go raibh na fíocháin seo ag fás taobh amuigh den bhroinn, dúirt dochtúirí léi nár ghá di imní a bheith uirthi.
Ach lean an phian ar aghaidh agus i ndiaidh an iliomad "coinní dochtúra agus sealanna fada sa Rannóg Éigeandála," shocraigh Meadhbh nach bhféadfadh sí leanacht ar aghaidh "ag dul timpeall agus timpeall i gciorcal."
I gcomhar lena dochtúir, shocraigh sí taisteal chuig an Rómáin i 2019 le cóir leighis a fháil ó shaineolaí ansin.
Léirigh na scrúduithe sa Rómáin go raibh fíocháin ag fás ar fud na n-orgán ina bolg.
Fógraíodh inniu sa Bhreatain go bhfuil piolla nua ceadaithe ag na húdaráis sláinte don inmheatróis. Ach go dtí go mbeidh a leithéid ar fáil anseo, leanfaidh mná eile an cosán atá siúlta ag Meadhbh agus rachaidh siad thar lear le faoiseamh a fháil óna bpian.
"Sí an fhadhb atá ann," a deir Meadhbh "nach bhfuil dóthain dochtúirí anseo sa mbaile a bhfuil an saineolas acu faoin inmheatróis ná dóthain máinlianna leis an obráid a dhéanamh."
Sí mí an Mhárta mí na feasachta ar an inmheatróis.
Deir Meadhbh gur mór an difríocht a dhéanfadh sé dá saolsa dá mbeadh an teolas agus an aire cheart ar fáil di blianta ó shin.
"Ní bheinn chomh fada seo ag fulaingt," a dúirt sí, "agus bheadh seans agam an dara páiste a bheith agam. Goilleann sé go mór orm nach bhfuair mé an deis sin. Bhí sin an-chrua."
Mholfadh Meadhbh do chailíní agus do mhná óga a cheapann go bhfuil sé orthu, gan moill a dhéanamh ach dul i mbun fiosruithe leighis láithreach.
"Faigh cabhair anois! Ná fan mar a rinne mise, ag súil go n-imeoidh an phian. Tosaigh anois," a dúirt sí.
Tá tuilleadh eolais agus foinsí tacaíochta ar fáil ag an tsuíomh idirlín www.endometriosis.ie