Tá roinnt daoine gafa ag na póilíní sa Bheilg a bhfuil líomhaintí faoi chaimiléireacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.
Deir ionchúisitheoirí sa Bheilg gur chuardaigh na póilíní ionaid éagsúla sa Bhruiséil, i bhFlóndras agus sa Vallúin mar chuid dá bhfiosrúchán, agus gur cuardaíodh ionaid sa Phortaingéil chomh maith.
Deir siad go mbaineann an fiosrúchán le brionnú a líomhnaítear a rinneadh ar dhoiciméid ó 2021 i leith agus le sciúradh airgid.
Líomhnaítear freisin gur ghlac daoine le breabanna éagsúla – idir airgead agus oineach – faoi scáth na stocaireachta tráchtála.
Tuairiscítear ar an nuachtán náisiúnta sa Bheilg Le Soir go bhfuil an t-ollchomhlacht teicneolaíochta as an tSín, Huawei, bainteach leis an scéal.
Is in Strasbourg sa Fhrainc atá Parlaimint na hEorpa bunaithe ach is sa Bruiséil a thagann go leor de choistí na parlaiminte le chéile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ