skip to main content

Putin 'i bhfabhar sos cogaidh' san Úcráin

Vladimir Putin sa Chreimil inniu
Vladimir Putin sa Chreimil inniu

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go bhfuil sé i bhfabhar sos cogaidh a chur i bhfeidhm san Úcráin mar atá molta ag Rialtas na Stát Aontaithe "a fhad is a rachfar i ngleic le bunúdar na coimhlinte".

Dúirt Putin nár mhór tuilleadh plé a dhéanamh ar na coinníollacha a bhainfeadh leis an sos comhraic 30 lá a mhol na Meiriceánaigh i gcomhráite a bhí acu le hionadaithe ón Úcráin san Araib Shádach arú inné.

Ag labhairt dó sa Chreimil tráthnóna inniu, dúirt sé go sonrach go raibh imní air go mbainfeadh na hÚcránaigh buntáiste as sos comhraic lena gcuid saighdiúirí a athchruinniú agus rún acu ionsaí as an nua a dhéanamh ar Rúisigh.

Thug sé le fios freisin go mb'fhéidir go labhródh sé le hUachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump faoin gceist go gairid.

Sa Teach Bán, dúirt Trump cé go raibh "dea-chosúlacht" ar an méid a bhí le rá ag Putin "nár ráiteas iomlán" a bhí ann.

"Ba mhaith liom bualadh le Putin, nó labhairt leis", arsa Trump, "ach [i ndeireadh na dála] caithfear teacht ar chomhaontú faoi shos comhraic gan mhoill".

Tuairiscítear ar na meáin sa Rúis go mbeidh cruinniú ag ionadaí Rialtas Mheiriceá Steve Witkoff le Putin i Moscó anocht.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ