Thug Uachtarán na Rúise Vladimir Putin sciuird ar Oblast Kursk in iardheisceart na Rúise inné chun spreagadh úr a chur saighdiúirí na tíre atá ag féachaint le fórsaí míleata na hÚcráine a ruaigeadh as an réigiún.
Agus é faoi éide chogaidh, ní dheachaigh Putin ar chúl scéithe agus d'ordaigh sé do na hoifigigh shinsearacha a chuir fáilte roimhe an cath a bhriseadh ar na hÚcránaigh a thúisce ab fhéidir.
Tá Kursk buailte ar theorainn oirthuaisceart na hÚcráine agus rinne arm na tíre sin ionradh gan choinne ar an réigiún i mí Lúnasa seo caite.
Ghabh na hÚcránaigh seilbh ar bhailte sa réigiún le luas lasrach, thóg siad saighdiúirí Rúiseacha mar phríosúnaigh cogaidh agus tá siad lonnaithe ann ó shin, scéal ar bior sa bheo ag Putin é.
Mar sin féin, is cosúil go bhfuil saighdiúirí na Rúise ag fáil an lámh in uachtar ar a gcéilí comhraic le seachtain agus tuairiscítear go bhfuil na hÚcránaigh ag cúlú diaidh ar ndiaidh.
Go deimhin, tá sé á mhaíomh ag ceann foirne Arm na Rúise go bhfuil 86% den fhearann a bhí ina seilbh ag na hÚcránaigh athghafa ag na Rúisigh.
Tuairimítear gur mian le Putin na hÚcránaigh a dhíbirt ó Kursk sula dtabharfaidh sé freagra ar mholadh na Stát Aontaithe maidir le sos comhraic sa chaoi nach mbeidh an cheist ina cíoná ag an Úcráin in aon idirbheartaíocht a dhéanfaí san am le teacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ