skip to main content

Damáiste déanta ag crith talún i ndeisceart na hIodáile

Cuid den damáiste a rinneadh i gceantar Napoli mar gheall ar an gcrith talún
Cuid den damáiste a rinneadh i gceantar Napoli mar gheall ar an gcrith talún

Tharla crith talún i gceantar Napoli i ndeisceart na hIodáile i gcaitheamh na hoíche agus rinneadh damáiste do roinnt foirgneamh agus gearradh an chumhacht ann dá bharr.

Chaith go leor de mhuintir na háite an oíche ag codladh amuigh – ar an tsráid nó i ngluaisteáin – ar fhaitíos go dtitfeadh a dtithe i mullach orthu.

Dar le saineolaithe san Iodáil gur méid sheismeach de 4.4 a bhí sa chrith trí chiliméadar faoi thalamh ach deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur 4.2 a bhí ann deich gciliméadar faoi thalamh.

Pé scéal é, tuairiscítear gur airíodh an crith ar fud réigiún Campania agus deirtear freisin gurbh é an crith ba láidre sa limistéar é le daichead bliain.

Pozzuoli, siar ó chathair Napoli, an baile ba ghaire do chroílár an chreatha agus tuairiscitear gur gortaíodh fear amháin ansin nuair a thug balla a thí uaidh.

Tá Napoli suite ar chaildéara, nó cráitéar bolcánach, atá luaineach go maith agus tarlaíonn creathanna talún ann ó am go chéile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ