skip to main content

Seirbhís féinfhreastail i nGaeilge ar fáil i mbialanna McDonalds

Sé an craoltóir Dáithí Ó Sé a sheol an tseirbhís féinfhreastail i nGaeilge
Sé an craoltóir Dáithí Ó Sé a sheol an tseirbhís féinfhreastail i nGaeilge

Ón lá inniu amach beidh daoine in ann a mbéile a ordú i nGaeilge i mbialanna McDonalds.

Beidh an tseirbhís ar fáil ag deascanna féinseirbhíse sna bialanna uilig ar an taobh ó dheas den teorainn.

I mí Eanáir na bliana seo chuir McDonalds tús le scéim phíolótach i mbialann amháin dá gcuid ar cholbha thiar chathair na Gaillimhe agus d'éirigh chomh maith sin léi gur shocraigh siad an rogha a chur ar fáil i ngach ceann den 95 bialann atá acu.

Deir McDonalds gur cuid é dá n-iarracht "ceiliúradh a dhéanamh ar shaíocht chultúrtha agus teanga na hÉireann."

Is cosúil go bhfuil éileamh ar an tseirbhís Ghaeilge.

Dúirt Bríd Kenny, bainisteoir McDonalds i Sráid na Siopaí i nGaillimh le Nuacht nach mbíonn "aon deacracht ag custaiméirí an córas ordaithe a úsáid - tuigeann siad céard atá uathu agus leanann siad na treoracha."

Dúirt Mícheál Ó Nualláin ón eagraíocht Baile Átha Cliath le Gaeilge gur léir go dtuigeann McDonalds go bhfuil luach airgeadúil ar an tseirbhís seo agus gur sampla maith é do chomhlachtaí eile.

"Níl seo deacair seo a chur ar fáil - níl i gceist ach leasú a dhéanamh ar an teanga a úsáidtear sa mbogearra."

Dúirt an comhlacht Supermacs le Nuacht go bhfuil sé i gceist acusan "seirbhísí Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre."