Sa Teach Bán in Washington, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump leis an Taoiseach Micheál Martin nár theastaigh uaidh aon rud a dhéanamh a ghoillfeadh ar Éirinn.
Ag caint a bhí an tUachtarán Trump ar na taraifí atá an tAontas Eorpach le gearradh ar earraí as na Stáit Aontaithe ón mí seo chugainn agus ar an gcaidreamh eacnamaíochta faoi leith idir Éire agus na Stáit Aontaithe.
Dar leis gur caidreamh éagothrom atá ann agus mhaígh sé sa chomhrá poiblí idir é agus an Taoiseach gur "mheall Éire comhlachtaí cógaisíochta agus comhlachtaí eile ó Mheiriceá le cánacha".
Mar sin féin, thug sé le tuiscint sa chéad abairt eile uaidh nach raibh a dhath mairge air faoin scéal.
D'fhreagair Micheál Martin agus dúirt go raibh dhá thaobh ar an scéal agus go raibh comhlachtaí as Éirinn ag déanamh go leor infheistíochta sna Stáit Aontaithe ar na saolta seo.
Cuir i gcás, arsa an Taoiseach, tá Ryanair agus Aercap ag ceannach níos mó eitleán ó Boeing ná aon chomhlachtaí eile taobh amuigh de na Stáit Aontaithe.
Ar mhuin sin, arsa sé, tá tuairim is 700 comhlacht as Éirinn bunaithe i Meiriceá faoi láthair agus tá na mílte post á gcur fáil acu ann.

Tá an Taoiseach le babhla seamróg a bhronnadh ar an Uachtarán Trump níos deireanaí inniu, deasghnáth bliantúil na Féile Pádraig ar shiombail é den nasc stairiúil agus comhaimseartha idir an dá thír.
Diomaite de chúrsaí eacnamaíochta, mhol an Taoiseach an tUachtarán Trump "as a raibh déanta aige ar son na síochána san Úcráin agus sa Mheánoirthear" le gairid agus dúirt go raibh go leor bainte amach aige ó tháinig sé i gcumhacht arís.
Mar le Gaza, dúirt an Taoiseach gur den riachtanas gialla Iosraelacha a scaoileadh saor, cloí leis an sos comhraic agus cur leis, agus cúnamh daonnúil a ligean isteach sa limistéar.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ