Cé nach bhfuil aon fhreagra oifigiúil tugtha ag an Rúis fós ar mholadh na Stát Aontaithe maidir le sos cogaidh san Úcráin, tá leid tugtha ag roinnt daoine i Rialtas na Rúise gur mhó de dhoicheall ná de shoicheall a chuirfeadh Uachtarán na tíre Vladimir Putin roimhe.
Thug duine de na Rúisigh le fios dá mba fhuar é an teachtaireacht go mba fhuar é an freagra agus dúirt nach mbeadh aon ghlacadh ag Uachtarán na tíre Vladimir Putin le sos cogaidh mura gcuirfí san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag Arm na Rúise san Úcráin agus mura mbeadh gealltanais faoi leith ann.
Samhlaíonn sé ón gcaint sin go bhfuil rún daingean ag na Rúisigh na críocha san Úcráin atá gafa acu le trí bliana a choinneáil i bhfad na haimsire, ann as do shos cogaidh.
Ó thaobh na nÚcránach de, fógraíodh tráthnóna inné go mbeidís féin sásta sos cogaidh 30 lá a chur i bhfeidhm a thúisce ab fhéidir, mar a mhol na Meiriceánaigh i gcomhráite a bhí ag ionadaithe sinsearacha ón dá thír san Araib Shádach inné.
Mar chúiteamh ar ghéilliúlacht na nÚcránach sa mhéid sin, bíodh is gur cuireadh in iúl dóibh nach raibh an dara rogha acu, gheall na Meiriceánaigh go dtosóidís ag cur trealamh míleata agus faisnéis mhíleata ar fáil d'Arm na hÚcráine an athuair.
Deimhníodh ar maidin inniu go bhfuil an gealltanas sin á chomhlíonadh ag na Meiriceánaigh cheana féin.
Socraíodh sna comhráite san Araib Shádach inné freisin go síneodh an Úcráin agus na Stáit Aontaithe comhaontú faoi mhianraí luachmhara atá ar fáil san Úcráin a bhfuil an-tóir ag na Meiriceánaigh orthu.

Bhí Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio páirteach sna comhráite sin agus dúirt sé ina ndiaidh go raibh súil aige go nglacfadh an Rúis leis an moladh faoi shos cogaidh.
Thug sé le fios go raibh an poc buailte in airde ag na Meiriceánaigh agus gur faoi na Rúisigh a bhí sé é a cheapadh nó a ligean le gaoth.
Is é Vladimir Putin atá i mbun cúil, dar ndóigh, agus ní fios fós an mbuailfidh sé an báire, an báire libh go hifreann a déarfas sé nó an beartaíocht eile ar fad atá ar intinn aige.
Dúirt urlabhraí ó Rialtas na Rúise go neamhoifigiúil go raibh Putin ag fanacht le scéala ó na Meiricéanaigh agus nach raibh a fhios aige fós cad go baileach a bhí i gcomha na síthe.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ