skip to main content

Ciontú Kyle Hayes faoi thiomáint chontúirteach athdhearbhaithe

Tá an cúlaí Kyle Hayes ar dhuine de na hiománaithe is cumasaí in Éirinn
Tá an cúlaí Kyle Hayes ar dhuine de na hiománaithe is cumasaí in Éirinn

Theip ar an iománaí aitheanta as Luimneach Kyle Hayes san achomharc a rinne sé in aghaidh a chiontaithe faoi thiomáint chontúirteach.

I gCúirt Dúiche Mhala i gCo Chorcaí i mí Mheán Fómhair anuraidh, cuireadh cosc tiomána ar feadh dhá bhliain ar Kyle Hayes, atá 26 bliain d'aois, nuair a d'admhaigh sé go raibh luas 155 ciliméadar san uair faoi i gceantar 100 ciliméadar san uair.

Sa chúirt achomharc i gCorcaigh inniu, dúirt an Breitheamh Helen Boyle nár ghlac sí leis gur tiomáint neamhaireach a bhí ann seachas tiomáint chontúirteach, mar a mhaígh Kyle Hayes.

Chomh maith leis an gcosc tiomána, a dtiocfaidh feidhm leis ar an 12 Meitheamh, gearradh fíneáil €250 ar Kyle Hayes.

Is as Baile Uí Aisí, Cill Diomá, i gCo Luimnigh do Kyle Hayes, duine de na hiománaithe is cumasaí in Éirinn a bhfuil cúig bhonn craoibhe Uile-Éireann buaite aige.

I mí na Nollag 2023, gearradh dhá bhliain príosúin ar fionraí air nuair a ciontaíodh é in achrann foréigneach agus d'fhéadfadh an rialú a rinneadh sa chúirt achomharc inniu dul i gcion ar an gcás úd.

Tá breithiúnas le déanamh an tseachtain seo chugainn ar an téarma fionraíochta a gearradh air an uair úd i bhfianaise a chiontaithe faoi thiomáint chontúirteach ina dhiaidh sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ