Bhí bricfeasta ag an Taoiseach Micheál Martin le Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe JD Vance in áras oifigiúil an Leas-Uachtaráin in Washington DC ar maidin inniu.
Dúirt JD Vance gur thug sé suntas d'áilleacht na hÉireann agus don bhorradh atá faoi earnáil teicneolaíochta na tíre nuair a bhí sé ar cuairt anseo cheana.
Mhaígh sé gur chun daingne an chaidrimh idir Éire agus na Stáit Aontaithe a mheabhrú do dhaoine a tháinig sé féin agus an Taoiseach le chéile inniu.
D'aontaigh Micheál Martin leis an méid a dúirt JD Vance agus dúirt sé féin go raibh na Stáit Aontaithe ar an gcéad tír ar domhan le neamhspléchas na hÉireann a aithint.
Chomh maith leis sin, mhol an Taoiseach "a raibh déanta ag an Uachtarán Donald Trump ar son na síochána" ó tháinig sé i gcumhacht arís i mí Eanáir.
Dúirt an Taoiseach go raibh an comhaontú síochána in Éirinn ar cheann de na torthaí ba shuntasaí riamh a bhí ar pholasaí eachtrach na Stát Aontaithe agus thug le fios go raibh an tír seo i bhfoimhdin a cuid a dhéanamh ar son na síochána in áiteanna eile ar domhan.
Bhí Rúnaí Sláinte na Stát Aontaithe Robert F Kennedy agus Ambasadóir na hÉireann Geraldine Byrne Nason i measc na n-aíonna eile a bhí ag an mbricfeasta.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ