skip to main content

Cén leigheas atá ann do Choill Bhearna

Crainn leagtha i lár an chasáin siúil
Crainn leagtha i lár an chasáin siúil

Séamus Ó Scanláin

Tá ímní léirithe faoina bhfuil i ndán do Choill Bhearna, ar imeall thiar Chathair na Gaillimhe.

Tá lomscrios déanta ar na crainn ársa ansin ag Stoirm Éowyn ag deireadh mhí Eanáir.

Dar le roinnt daoine i gceantar Bhearna agus Cnoc na Cathrach níl Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag cur aon dlús le obair fheabhsúcháin.

Deirtear freisin go bhfuil dearcadh na comhairle saghas 'laissez-faire' mar a déarfadh an Francach.

Sampla amháin de sin a deirtear is ea an comhartha lasmuigh den bhealach isteach sa gcoill ina bhfógraítear an choill dúnta.

Duine a bhfuil eolas an-mhaith aici ar an choill agus gnéithe den nádúr bainteach léi is ea Kate Uí Chíobháin.

Deir sise go sáraíonn daoine an bac atá orthu, ní le teann mailíse ach gur breá leo an tsiúlóid spaisteoireachta a cheadaíonn áilleacht na coille dóibh.

'Faraor' a deir sí, 'tá crainn leagtha agus ag blocáil an chasáin siúil in áiteanna. Fágann sin go gcaitheann daoine siúl timpeall ar na constaicí agus i ngan fhios dóibh féin déanann siad damáiste den fhásra'.

'Is é deireadh an scéil é' a deir sí 'nach mbeidh ar chumas na coille teacht aici féin chomh scafánta sin'.

Na fréamhacha nochtaithe go maith i ndiaidh na Stoirme Éowyn

Níl aon léargas fós ar phlean Chomhairle na Cathrach chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Deir sí go bhfuil pleananna aici don áit ach nach raibh sí sásta tada eile a rá ag an bpointe seo.

Deir an Teachta Dála,John Connolly (FF) go bhfuil fáth nach bhfuil an chomhairle ag gníomhú faoi láthair toisc a deir sé 'na héin a bheith ag neadú sna crainn agus an tEarrach faoi lán tseoil'.

Beidh le feiceáil anois cén cur chuige a bheidh ag oibrithe na comhairle ach a mbeidh an tEarrach caite.