skip to main content

An Úcráin ag glacadh le moladh Mheiriceá faoi shos cogaidh

Rinneadh an moladh faoi shos cogaidh i gcomhráite san Araib Shádach
Rinneadh an moladh faoi shos cogaidh i gcomhráite san Araib Shádach

Tá glactha ag an Úcráin le moladh ó na Stáit Aontaithe maidir le sos cogaidh idir í agus an Rúis.

De réir a bhfuil molta, má chuireann na hÚcránaigh sos cogaidh 30 lá i bhfeidhm tosóidh na Meiriceánaigh ag cur trealamh míleata agus faisnéis mhíleata ar fáil dóibh an athuair.

Ina cheann sin, síneoidh an Úcráin agus na Stáit Aontaithe comhaontú faoi mhianraí luachmhara atá ar fáil san Úcráin a bhfuil na Meiriceánaigh á santú.

Rinneadh an moladh i gcomhráite a bhí ag ionadaithe ón dá thír san Araib Shádach inniu.

Bhí Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio páirteach sna comhráite agus dúirt sé ina ndiaidh go raibh súil aige go nglacfadh an Rúis í féin leis an moladh freisin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ