Níl sé ar intinn ag an Rialtas "faoi láthair" táille a ghearradh ar dhaoine as barraíocht uisce a chaitheamh, dar leis an Roinn Tithíochta.
I ráiteas ón Roinn, tugadh le fios cé gur cuireadh an cheist faoi bhráid an Aire Tithíochta nach ndearnadh aon mholadh ina leith.
Dúradh sa ráiteas freisin tar éis gur phléigh an Rialtas deireanach an cheist nach bhfuil aon chaint ar tháillí uisce sa Chlár Rialtais nua.
Mar sin féin, de réir plean a d'fhoilsigh Uisce Éireann an fómhar seo caite, cheadófaí uasliúntas bliantúil de 213,000 líotar uisce do gach líon tí sa Stát agus ghearrfaí táille ar an dream a chaithfeadh tuilleadh, seachas i gcásanna áirithe.
Mar atá cúrsaí, caitheann gach líon tí 125,000 líotar uisce ar an meán sa bhliain.
I ráiteas eile a heisíodh níos túisce inniu, thug an Roinn Tithíochta le fios go raibh caint ar an liúntas bliantúil a thabhairt isteach d'fhonn uisce a chaomhnú de réir a bhfuil treoraithe ag an Aontas Eorpach seachas d'fhonn airgead a thógáil.
Níl aon ghlacadh ag urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin lena bhfuil ráite ag an Roinn, áfach.
Dar leis siúd nach mbeadh sa táille nua ach an chéad chéim sa phlean le táillí uisce ginearálta a thabhairt isteach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ