Tá breis is 800 sibhialtach maraithe sa tSiria le cúpla lá anuas.
Sin de réir an eolais atá curtha ar fáil ag áisíneacht a dhéanann cúram de chearta daonna sa tír sin.
Deir Uachtarán na Siria,Ahmed al-Sharaa go bhfuil coiste neamhspleách bunaithe aige leis an scéal seo a fhiosrú.
Deir sé freisin go bhfuil an tSiria i mbaol ó chogadh catharga.
Tharla an rabharta foréigin is deireanaí Déardaoin seo caite nuair a chuaigh fórsaí an rialtais ansin i ngleic le grúpa atá dílis i gcónaí don iar-uachtarán,Bashar al-Assad.
Tá ionsaithe fíochmhara déanta ar phobail feadh chósta na tíre ó shin agus deirtear gurb é mionlach Alawite atá thíos leis.
Tá pobail Alawite luaite leis an iar-uachtarán al-Assad.
D'iarr na Náisiúin Aontaithe (UN) ar cheannasaíocht eatramhach na tíre saoránaigh a chosaint on bhforéigean seo.
Tuigtear go bpléifidh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an ghéarchéim seo ag cruinniú speisialta amárach.
Deirtear áfach go dteastaíonn ó Mheiriceá agus ón Rúis an cruinniú seo a reachtáil go cúlráideach.
Tá an tSiria ag fulaingt cuid mhór achrainn agus foréigin ó 2011, tráth ar tharla éirí amach na nArabach nó 'Arab Spring'.
Tá na céadta míle marbh dá bharr agus na milliúin den chosmhuintir aslonnaithe agus scaipithe chuig chuile cheard ag lorg tearmainn agus faoisimh.
Is beag glacadh atá acu siúd atá dílis i gcónaí do Assad leis an gceannasaíocht láidir Ioslamach-Sunni sa tír a tháinig i gcumhacht nuair a treascraíodh rialtas Assad i mí na Nollag seo caite.
Táthar ag maíomh go bhfuil daoine á gcur chun báis ag reibiliúnaithe Assad cé nach bhfuil aon chruthúnas léirithe fós ina thaobh seo.
Tá Bashar al-Assad ar a theitheadh sa Rúis faoi láthair.