skip to main content

Bonn Óir ag Éirinn ag an gcraobh faoi dhíon

Healy buacach
Healy buacach

Tá éacht déanta ag an reathaí Éireannach,Sarah Healy ag an gcraobh Eorpach faoi dhíon san Ísiltír.

Sa chéad áit a chríochnaigh sé sa rás ceannais in Appeldoorn.

An rás 3000m a bhí i gceist.

Bhí sí compórdach i gcaitheamh an rása, cé gur bheag nár baineadh truslóg aisti ag tráth amháin agus dóbair nár imigh na cosa uaithi.

40m ón deiridh bhí cuma na maitheasa uirthi agus as go brách léi go muiníneach gustalach i dtreo na líne

08.52.86 an t-am a bhí aici.

Rith sí níos tapa ná sin cheana, ach 'cén dochar' a deir tú nuair atá bonn óir mar thoradh inniu air.

Melissa Courtney-Bryan ón Bhreatain a bhí sa dara háit agus Salome Afonso ón bPortaingéil sa 3ú áit.

Tá éacht déanta freisin ag an reathaí Éireannach,Mark English ag an gcraobh Eorpach seo.

Sa 3ú áit a chríochnaigh seisean sa rás ceannais ar an raon reatha veileadróm seo.

An rás 800m a bhí i gceist.

Chuir an fear a bhundún amach ar an timpeall deiridh de 200m agus tharraing sé é féin isteach sa 3ú háit.

Ba é Samuel Chapple ón Ísiltír a bhuaigh an rás, bonn óir aigesan agus chríochnaigh Elliot Crestan ón Ghearmáin sa dara háit.

Healy ag buachan an óir

Agus comhghairdeachas freisin le Kate O'Connor a bhuaigh bonn cré-umha freisin don tír tráthhnóna, an 3ú bonn atá buaite againn inniu ón 1600.

Kate O'Connor

I gcomórtas an Peantatlan a chroch sise léi an bonn.

Bhris sí a cur-iarracht náisiúnta féin freisin a bhuíochas dá cuid éachtaí.