Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil sé ''níos éasca'' a bheith ag obair leis an Rúis ná leis an Úcráin, maidir le cainteanna síochána.
Ag Comhdháil Nuachta ag an Teach Bán, dúirt Donald Trump go bhfuil muinín aige in Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus go gcreideann sé é.
In ainneoin, go ndearna sé bagairt go ngearrfaí smachtbhannaí ar an Rúis níos luaithe inniu, dúirt an tUachtarán Trump go dtuigeann sé cén fáth gur ionsaigh fórsaí Putin an Úcráin thar oíche.
Deir oifigigh san Úcráin gur bhuail ionsaí dróin agus diúracán ón Rúis, infrastruchtúr gáis agus fuinnimh na tíre ar maidin.
Deir na hÚdaráis in Odessa agus in Kharkiv go raibh damáiste mór déanta agus go raibh tithe trí thine agus daoine gortaithe.
Tuairiscítear gur úsáideadh scairdtródairí de chuid na Fraince don chéad uair sa chogadh in iarracht an t-ionsaí a chur ó dhoras.
Tá sos cógaidh san aer agus ar muir molta ag Uachtarán na hÚcráine i bhfianaise na n-ionsaithe is déanaí.
Idir an dá linn, tá oifigigh ón Úcráin agus ó Mheiriceá le dul i mbun cainte san Araib Shádach an tseachtain seo chugainn.
I ráiteas ar an ardán X, dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, go mbeadh sé ag bualadh le Prionsa Corónach na hAraibe Sádaí, Mohammed bin Salman, Dé Luain agus go bhfanfadh a fhoireann ann ina dhiaidh sin chun dul i mbun cainte le hoifigigh ó na Stáit Aontaithe.
Aréir, ag cruinniú mullaigh éigeandála sa Bhruiséil, d'aontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh, plean chun €800 billiún a chur ar fáil do chaiteachas cosanta chun go mbeifear réidh d'aon bhagairt a d'fhéadfadh a bheith ann ón Rúis.
Thacaigh 26 ballstát le ráiteas eile maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin, seachas an Ungáir. Chuir An Ungáir i gcoinne tagairt atá sa téacs maidir le tacaíocht mhíleata do Chív.