"Cor stairiúil" a deir Conradh na Gaeilge an fógra go bhfuil tús curtha ag Feidhmeannas Stormont leis an bpróiseas le Coimisinéir na Gaeilge a bhunú i dTuaisceart Éireann.
Deir an Conradh go mbeidh dúshláin le sárú i gceapadh agus feidhmiú Oifig an Choimisinéara agus go gcaithfidh an Chéad Aire agus an Leas-Chéad Aire, Michelle O'Neill Shinn Féin agus Emma Little-Pengelly an DUP, seasamh leis an bpróiseas.
Tá an tAcht Féiniúlachta agus Teanga achtaithe ó Thuaidh ó 2022 le aitheantas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge ach gan Coimisinéir tá an reachtaíocht gan feidhm.
Ba chúis mórtais inniu an scéala ag lucht labhartha na teanga, ina measc meitheal agus daltaí i nGaelscoil na bhFál áit a raibh ceardlann scéalaíochta ar siúl.
As seo go ceann cúpla lá a bheidh post an Choimisinéara á fhógairt ar-líne agus sna meáin eile.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag a 7.