Tá thart ar 300 post i mbaol sa gcuid den chuideachta atá ag an ardán fís-scaipeadh TikTok i nÉirinn.
Beagnach 3,000 duine atá fostaithe sa tír acu agus hinsíodh don fhoireann an mhí seo caite go mbeadh tionchar i nÉirinn ag na ciorraithe go domhanda atá fógartha acu.
Tá an Roinn Fiontair tar éis fógra iomarcaíochta i leith na bpostanna a fháil ó TikTok ó arú inné agus cé go bhfuil an chuideachta ag diúltú labhairt faoin ábhar tuigtear dúinn gur 300 duine a bheidh i gceist.
Tuairiscítear go bhfuil an chuideachta Síneach ag gearradh siar ar fud na cruinne ar an meitheal atá ag obair dóibh ag modhnú an ábhair a bhíonn ar an ardán ó thaobh sábháilteachta agus muiníne.
Tá daoine le ligean chun siúil i nÉirinn cé go bhfuil oll-stóras sonraí custaiméirí bunaithe ag ionaid sonraí i mBaile Átha Cliath agus san Iorua mar chuid de 'Project Clover', togra atá ag TikTok i n-iarracht a chur ina luí ar lucht rialachán sa nAontas Eorpach gur féidir brath ar na córais atá ag an gcuideachta dhomhanda.
Tá fiosruithe ar bun faoi TikTok a bheith ag cur sonraí custaiméirí ar fáil do Rialtas na Síne.