Tá díothú Ghaza geallta ag Uachtarán Mheiriceá muna scaoiltear saor gan mhoill na gialla atá á gcoinneáil ag Hamas.
Chuir sé fainic freisin ar cheannairí na Gluaiseachta sin teitheadh as an áit, an foláireamh deiridh a gheobhaidh siad a dúirt sé.
Agus an sos sealadach comhraic a socraíodh idir Iosrael agus Hamas mí Eanáir go mór i gcontúirt dúirt an tUachtarán Trump "tá mé ag seoladh gach a bhfuil ó Iosrael leis an ngníomh a chríochnú" agus tá an Rialtas atá aige leis na billiúin dollar sa mbreis a chaitheamh ar airm d'Iosrael.
"Scaoil abhaile na Gialla go léir anois, ní amach anseo, agus tug ar ais láithreach coirp na ndaoine uilig a mharaigh sibh, nó tá sibh RÉIDH" a dúirt sé ar na meáin shóisialta.
"Seo hé an foláireamh deiridh! Maidir leis na ceannairí, anois an t-am imeacht as Gaza, anois agus an deis fós agaibh."

Shonraigh Donald Trump freisin go mbeadh iarmhairtí ann don phobal uilig atá sáinnithe i nGaza, 2.3 milliún duine a bhfuil a n-áit chónaithe beagnach ar fad scriosta agus bia agus cuidiú fóirithinte eile anois á shéanadh orthu mar thortha ar chogadh Iosrael le bliain agus ráithe ó thug Hamas ruathar marfach faoin tír.
"A Mhuintir Ghaza: Tá Todhchaí aoibhinn romhaibh, ach ní bheidh má choinníonn sibh na Gialla. Má choinníonn, tá sibh RÉIDH."
Inné a dúirt Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu go mbeadh "iarmhairtí ann nach féidir a shamhlú" muna scaoiltear saor an chuid eile de na daoine atá i ngéibheann.
Deir urlabhraí de chuid Hamas Hazem Qasim gur "ugach atá i ráiteas Trump d'Iosrael neamháird a thabhairt don sos comhraic" a réitíodh an 19ú mí Eanáir.
Tá an Chéad chéim 6 seachtainí den sos - inar déanadh malartú ar ghialla agus príosúnaigh de chuid na Palaistíne - críochnaithe le seachtain ach in áit tosnú ar an Dara céim mar a bhí socraithe, tá sé beartaithe ag Iosrael, ar chomhairle Mheiriceá, fad a chur leis an gcéad chuid den phróiseas.
Go lár na míosa seo chugainn atá Iosrael ag iarraidh fad a chur leis, ach tá Gluaiseacht Hamas tar éis a rá go láidir go gcaithfear cloí leis an socrú, agus tosnú ar an Dara céim - comhráití faoi fhuascailt na ngiall le deireadh a chur leis an gcogadh.
Le seachtain tá cosc curtha ag Iosrael ar aon ábhar a thabhairt isteach go Gaza agus tá siad ag neartú ar an bhfeachtas Airm ar Bhruach Thiar na Palaistíne.
"Tá iarraidh throm buailte ar Hamas, ach níl siad cloíte fós. Níl an misean bainte amach" atá ráite ag an gCeann Feadhain nua ar Arm Iosrael Eyal Zamir.
Gaza i gCruachás
Deir an Fhrainc, an Bhreatain agus an Ghearmáin i gcomhráiteas go bhfuil an ghéarchéim daonnúil i nGaza "tubaisteach" agus d'ímpigh siad ar Iosrael cúnamh fóirithinte "gan bac" a chinntiú.
Deir an Afraic Theas gurbh ionann srian Iosrael agus uirlis cogaidh.
Tá an tUachtarán Trump tar éis labhairt ó shin agus tar éis do Réimeas Mheiriceá deimhniú an chéad uair riamh go bhfuil siad i dteagmháil go díreach le Hamas agus go bhfuil cás na giall i nGaza de bhunú Mheiriceá pléite ag an Taidhleoir ar Ghnóthaí Giall Adam Boehler leis an ngluaiseacht.
Chuir na Stáit Aontaoithe bac ar Hamas i 1997 ar chúinsí sceimhlitheoireachta.
Tá sé deimhnithe ag an Teach Bán agus ag Oifig Phríomhaire Iosrael gur pléadh an teagmháil roimh an am le Iosrael agus gur "léirigh Iosrael a ndearcadh féin faoi chainteanna díreach".
Cúigear Meiriceánach a chreidtear atá i measc na ngiall atá fós i nGaza, ceathrar marbh agus duine amháin, Edan Alexander, creidtear fós ina bheatha.
Maraíodh 1,218 duine de bharr ruathar Hamas mí Dheireadh Fómhair 2023 agus tá 48,400 maraithe ó shin i nGaza ag Arm Iosrael, de réir na gcuntas atá againn.
251 duine a tógadh ina ngialla, 58 atá fós i nGaza, 34 básaithe ina measc a deir an tArm.
Plean molta ag Cumhachtaí Arabacha ach seift Trump i n-uachtar
Mar fhreagra ar an méid atá ráite ag an Uachtarán Trump faoi mhuintir Ghaza a chur amach as an áit agus "ollionad saoire" a dhéanamh den limistéar tá plean molta ag ceannairí Arabacha le Gaza a athógáil.
Níor sonraíodh an costas a bhainfeadh lena leithéid san ráiteas clabhsúir a seoladh tar éis chruinniú mullaigh na dtíortha Arabacha ach léirigh dréacht a chonaic AFP gur $53 billiún (€49 billiún) thar 5 bhliana atá beartaithe, an costas céanna atá tugtha ag na Náisiúin Aontaithe ar Ghaza a thógáil as an nua.
Mhol an cruinniú mullaigh freisin go mbeadh ionadaíocht mhuintir na Palaistíne faoi Eagras Saoirse na Palaistíne (an PLO), ar mhaithe le Gluaiseacht Ioslamach Hamas a chur go leataobh.
Ach deir Ghassan Khatib, a bhíodh ina Aire Rialtais ar Údarás na Palaistíne, nach bhfuil "ciall ar bith a bheith ag ceapadh go scaoilfidh Iosrael uathu an Phlean atá ag Trump agus glacadh le Plean na nArabach. Níl baol orthu."