skip to main content

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4
Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4

Tá Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4. Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont atá ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 agus a bheidh ag éirí as i Mí Aibreáin na bliana seo.

Tá Deirdre Ní Choistín ag obair le TG4 le 25 bliain agus í ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha sa stáisiún ó 2022.

Beidh sí ar an gceathrú Ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1996, agus ar an gcéad bhean sa phost.

Thosaigh Deirdre ag obair le TG4 in 1999, go gairid tar éis don chainéal athbhrandáil ó TnaG go TG4. Tá taithí fhairsing aici ar gach gné den stáisiún.

Chaith sí 14 bliain mar Léiritheoir agus Stiúrthóir ar chláracha ar nós 7 Lá, Comhrá, agus Róisín. Bhunaigh sí MOLSCÉAL, an t-ardán ar líne do phobal na Gaeilge in 2017.

Chuir sí straitéis cumarsáide nua ilardáin i bhfeidhm a chuir le clú TG4 le linn di a bheith ina bainisteoir cumarsáide ag TG4 ó 2019 go 2022.

Tógadh Deirdre i gCill Choca, Co. Chill Dara, an duine is sine de chúigear. Is as An Rinn dá hathair John Joe agus as Co. Cheatharlach dá máthair Betty.

Tá cónaí ar Dheirdre lena fear céile Breandán Ó Conláin agus a gceathrar mac atá á dtógáil le Gaeilge sa Spidéal i gConamara.

Dúirt Deirdre Ní Choistín: 'Is cúis áthais agus pribhléid dom é a bheith ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4. Tá mo chroí i TG4 ó bunaíodh é in 1996 agus mé fós ar an ollscoil. In am cinniúnach i gcraoltóireacht na Gaeilge, táim ag tnúth le TG4 a ullmhú don todhchaí in éineacht leis an bhfoireann, trí bhéim a chur ar an gcruthaitheacht a chumasú, freastal ar mhianta an lucht féachana ar gach ardán, agus bonn láidir a chur faoin earnáil léiriúcháin, i gceantair Ghaeltachta ach go háirithe.'