skip to main content

Fiosrúchán ar bun maidir le heachtra inar sádh agus gortaíodh buachaill scoile aon bhliain déag d'aois i mBaile Átha Cliath

Fiosrúchán ar bun maidir le heachtra inar sádh agus gortaíodh buachaill scoile i mBaile Átha Cliath
Fiosrúchán ar bun maidir le heachtra inar sádh agus gortaíodh buachaill scoile i mBaile Átha Cliath

Tá fiosrúchán ar bun i ndiaidh eachtra sáite a tharla ag scoil náisiúnta i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus inar gortaíodh buachaill óg aon bhliain déag d'aois.

Deir na Gardaí gur tharla an eachtra ag bunscoil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus go raibh beirt pháistí páirteach san eachtra.

Sháigh buachaill scoile amháin, buachaill scoile eile atá aon bhliain déag d'aois san eachtra.

Tugadh an buachaill a sádh chuig an ospidéal chun cóir leighis a fháil. Níl sé i mbaol báis.

Deir na Gardaí go bhfuil siad i dteagmháil le tuismitheoirí na bpáistí agus go bhfuil siad i gcomhairle chomh maith le foireann agus bainistíocht na scoile in iarracht a dhéanamh amach cad go díreach a tharla.

Deir siad nach bhfuil aon bhaol ann don bpobal.

Tá na Gardaí i dteagmháil leis na háisíneachtaí stáit cuí maidir leis an eachtra, a deir siad.