skip to main content

Leath do dhaoine fásta an domhain le bheith róthrom nó murtallach faoi 2050

50% do dhaoine fásta le bheith róthrom nó murtallach faoi 2050
50% do dhaoine fásta le bheith róthrom nó murtallach faoi 2050

Léirítear i dtaighde nua go bhfuil fadhb ollmhór ar fud na cruinne maidir le murtall agus daoine ag éirí róthrom.

I dtaighde atá foilsithe sa Lancet, deirtear go bhféadfadh suas le 50% do dhaoine fásta agus aon trian do dhaoine óga a bheith róthrom nó murtallach faoin mbliain 2050. Sin os cionn 3.8 billiún duine fásta agus 746 milliún páiste agus ógánach ar fud an domhain.

Tá baint mhór ag murtall le fadhbanna sláinte tromchúiseacha, ina measc, ailse áirithe, diaibéiteas, agus galar croí.

Deir saineolaithe go bhfuil paindéim dhomhanda anois ann i dtaca le murtall agus gur teip mhillteanach shóisialta atá i gceist.

Faoi láthair, áirítear 2.1 billiún duine fásta agus 493 milliún duine óg a bheith róthrom nó murtallach ar fud an domhain.