skip to main content

An cúnamh míleata a chuireann na Stáit Aontaithe ar fáil don Úcráin curtha ar fionraí ag an Uachtarán Trump

Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair
Stop curtha ag Trump le cúnamh míleata don Úcráin faoi láthair

Tá sé tugtha le fios ag oifigigh sa Teach Bán i Washington go bhfuiltear ag cur stop leis an gcúnamh míleata a chuireann Meiriceá ar fáil don Úcráin féachaint le brú a chur ar an Úcráin dul i mbun cainteanna síochána leis an Rúis chun deireadh a chur leis an gcogadh sa tír.

Tá an cinneadh ag eascairt as cruinniú achrannach a bhí ag an Uachtarán Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy sa Teach Bán Dé hAoine seo caite.

Le linn an chruinnithe, dúirt an tUachtarán Trump nach raibh an tUachtarán Zelenskyy buíoch don tacaíocht a chuireann Meiriceá ar fáil don Úcráin.

Dúirt úrlabhraí ón dTeach Bán go bhfuil an tUachtarán Trump ag iarraidh síocháin a bhaint amach agus go bhfuiltear ag cur stop leis an gcúnamh míleata faoi láthair. Dúradh go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar chúrsaí chun a chinntiú go bhfuil an cúnamh míleata a chuireann na Stáit Aontaithe ar fáil ag cabhrú le réiteach a bhaint amach sa chogadh.

Ní fios fós cé mhéad cúnamh atá i gceist nó cé chomh fada is a mhairfidh an cinneadh.

Ar maidin, dúirt An Taoiseach Micheál Martin gur ''céim ar gcúl'' atá sa bhfógra ó na Stáit Aontaithe ach go gcaithfear leanúint i mbun comhráití le Rialtas Mheiriceá.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen go raibh an Eoraip i ''Ré nua atharmála'' agus go bhfuil plean ann chun suas le 800 billiún euro a chaitheamh ar chúrsaí cosanta.

Dúirt Príomhaire na Polainne, Donald Tusk, go bhfuil faisnéis aige go bhfuil an cúnamh míleata as Meiriceá don Úcráin stopaithe ar an dteorainn idir an dá thír.

Príomh-Aire na Polainne, Donald Tusk

Dúirt sé chomh maith go gcaithear dea-chaidreamh a choiméad leis na hUdaráis i Meiriceá.

Deir Údaráis na hÚcráine go bhfuil comhráití ar bun acu le hÚdaráis na hEorpa maidir le cúnamh míleata a chur ar fáil dóibh i ndiaidh fhógra Mheiriceá.

Deir an Úcráin go ndéanfaidh siad gach rud is féidir chun an ceangal atá acu leis na Stáit Aontaithe a choiméad.

Cuireann na Stáit Aontaithe níos mó tacaíochta ó thaobh cúnamh míleata de ar fáil don Úcráin ná mar a chuireann aon tír eile ar domhan.

Idir an dá linn, tá pacáiste cúnaimh €100 milliún ceadaithe ag an gcomh-aireacht don Úcráin.

Dúirt an Tánaiste Simon Harris, go gcabhródh an t-airgead seo chun tacaíocht agus trealamh míleata neamh-mharfach a chur ar fáil.

I ráiteas ar an ardán X trathnóna, dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy go bhfuil an Úcráin tiomanta don síocháin agus go bhfuil an tír faoi réir le dul i mbun idirbheartaíochta go pras leis an tsíocháin a chinntiú.