Níl aon aontú idir an Bhreatain agus an Fhrainc faoi "phlean breac-shíochána" don Úcráin a deir Aire Rialtais sa mBreatain faoin ráiteas a bhí déanta ag Uachtarán na Fraince go raibh sé á mholadh ag an dá thír.
"Níl aontas ná réiteach ar cén chuma a bheadh ar aon sos comhraic" atá Aire na bhFórsaí Cosanta Luke Pollard tar éis a rá.
Dúirt an tAIre Pollard chomh maith go mbeadh "fógraí á ndéanamh as seo go ceann roinnt seachtainí faoin tacaíocht sa mbreis a bheidh á thabhairt ag tíortha na hEorpa don Úcráin."
Tá feidhmeannach sinsearach tar éis a thabhairt le fios go bhfuil caint ar shos a mhairfeadh mí ach nach bhfuil aon ní aontaithe.

Ar a bhealach abhaile ó chruinniú mullaigh i Londain a dúirt Emmanuel Macron go raibh an Fhrainc agus an Bhreatain ag obair ar mholadh le "breac-shíocháin míosa a réiteach ar muir, san aer agus ó thaobh an ghréasáin fuinnimh."
Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil súil aige go mbeifear in ann obair as lámh a chéile le go mbeidh an Eoraip in ann téarmaí síochána a réiteach a shásódh na Stáit Aontaithe, agus é geallta ag Cumhachtaí ar an Mór-Roinn go mbeidh siad ag caitheamh níos mó airgid ar chosaint na hÚcráine agus go mbeidh siad ag ullmhú comhghuaillíochta le pé sos-comhraic a shocraítear a chosaint.
18 de chomhghuaillithe a chruinnigh i Londain ag an deireadh seachtaine, 3 bliana go díreach ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin, agus cúpla lá tar éis don Uachtarán Donald Trump íde aisteach béil a thabhairt don Uachtarán Zelensky os comhair cheamaraí na cruinne sa Teach Bán.

D'fhógair an tUachtarán Macron agus PríomhAire na Breataine Keir Starmer tar éis an chruinniú mullaigh go mbeadh "na comhghuaillithe" ag réiteach plean síochána le cur faoi bhráid na Meiriceánach agus d'fhógair siad go bhfuil siad faoi réir saighdiúrí na Fraince agus saighdiúirí na Breataine a sheoladh go dtí an Úcráin le pé soc-comhraic a aimsítear a dhaingniú.
Gan Meiriceá, "iompróidh an Eoraip an t-ualach más gá" a dúirt an PríomhAire.
Ach tá sé ráite ó shin ag Macron nach mbainfeadh aon "bhreac-shíocháin" a aontaítear go luath leis an gcogaíocht talún mar gheall ar an limistéar ollmhór atá i gceist ar an líne-thosaigh.
Amach anseo - "ní as seo go ceann roinnt seachtainí" - a bheadh sé beartaithe a dúirt Macron saighdiúrí de chuid Airm Eorpacha a chur ar thalamh na hÚcráine "leis an tsíocháin a choimeád".
Dúirt saoiste na Fraince freisin gur shíl sé féin gur chóir do thíortha na hEorpa a gcaiteachas cosanta "a ardú chuig 3% go 3.5% dá GDP" mar fhreagra ar an athrú atá tagtha ar pholasaí Washington.
Dúirt Keir Starmer "nach comhghuaillí nach féidir brath orthu" iad Meiriceá agus dúirt sé go mbeadh "tacaíocht láidir Mheiriceá" ag teastáil ó aon socrú faoin tsíocháin.
Ach tá an ceannasaí ar an gCoimisiúin Eorpach Ursula von der Leyen tar éis fainic a chur ar thíortha na hEorpa "nach mór ullmhú don chás is measa."