Bhí cruinniú teasaí go maith idir Uachtarán Trump Mheirceá agus Uachtarán Zelensky na hÚcráine sa Teach Bán in Washington inniu. Chuir Donald Trump i leith na hÚcráine go raibh siad ag cur an domhain i mbaol an Tríú Cogadh Domhanda; chuir an tUachtarán Zelensky i leith Mheirceá go raibh cur chuige Donald Trump i leith Vladimir Putin róbhog.
Thug an tUachtarán Trump i leith an Uachtaráin Zelensky go raibh sé ag léiriú dímheasa air. Agus dúirt LeasUachtarán Mheirceá, JD Vance, gur chóir go mbeadh an tUachtarán Zelensky buíoch do na Stáit Aontaithe.
Sa deireadh, bhí na fir ar fad ag béicíl ar a chéile sa Teach Bán.
Níos luaithe, bhí sé ráite ag Uachtarán Volodymyr Zelensky na hÚcráine le hUachtarán Trump Mheirceá nár chóir aon chomhghéilleadh a dhéanamh le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, féachaint leis an gcogadh idir an Úcráin agus an Rúis a thabhairt chun críche.
Bhí Uachtarán Zelensky ag bualadh le hUachtarán Trump sa Teach Bán in Washington inniu.
Thaispeáin an tUachtarán Zelensky pictiúirí d'uafás an chogaidh don Uachtarán Trump i rith an chruinnithe, agus dúirt sé nach bhféadfaí "aon ghéilleadh a dhéanamh don mharfóir seo atá tar éis ionradh a dhéanamh ar ár gcríocha."
Ach thug an tUachtarán Trump le fios nach mbeadh aon rogha ag an Úcráin ach comhréiteach a dhéanamh leis an Rúis. "Ní i bhfad uainn sos cogaidh anois má ghéilleann an Úcráin don Rúis ar nithe áirithe."
Dúirt Uachtarán Zelelensky le hUachtarán Trump freisin go mbeadh tacaíocht mhíleata na Meiriceánach de dhíth ag aon fhórsaí coimeádta síochána de chuid na hEorpa a chuirfear i mbun dualgais san Úcráin i ndiaidh don sos cogaidh teacht i bhfeidhm. Tá an-drogall ar Uachtarán Trump, áfach, aon ghealltanas a thabhairt don Úcráin go ndéanfaidh na Stáit Aontaithe amhlaidh.
le hUachtarán Trump Mheirceá níos luaithe an tseachtain seo chun brú a chur air
gan an Úcráin a thréigean
Bhuail an bheirt fhear lena chéile inniu chun comhaontú a shíniú, faoina dtabharfar cearta do Mheirceá sciar de shaibhreas mianach na hÚcráine a roinnt. Teastaíonn ó Mheirceá go mbeidh fáil acu ar mhianraí na hÚcráine mar tá an tUachtarán Trump ag lorg cúitimh as na hairm agus as an bhfóirithint eile atá tugtha ag na Stáit Aontaithe don Úcráin chun cuidiú leo ina gcogadh in aghaidh na Rúiseach.
Bhuail ceannairí Eorpacha eile le Donald Trump Mheirceá níos luaithe an tseachtain seo sa Teach Bán chun cur in luí air gan an Úcráin a thréigean.