skip to main content

SSE Airtricity lena gcuid praghsanna leictreachais & gáis a ardú

Ar an meán, tiocfaidh ardú 10.5% ar bhillí leictreachais custaiméirí agus ardú 8.4% ar bhillí gáis de bharr na n-arduithe seo atá fógartha ag SSE Airtricity
Ar an meán, tiocfaidh ardú 10.5% ar bhillí leictreachais custaiméirí agus ardú 8.4% ar bhillí gáis de bharr na n-arduithe seo atá fógartha ag SSE Airtricity

Tá sé fógartha ag an gcomhlacht fuinnimh, SSE Airtricity, go bhfuil siad lena bpraghsanna leictreachais agus gáis a ardú ón 2 Aibreán.

Ar an meán, tiocfaidh ardú 10.5% ar bhillí leictreachais custaiméirí agus ardú 8.4% ar bhillí gáis dá bharr.

Is ionann sin agus €171.22 d'ardú, ar an meán, ar bhillí leictreachais in aghaidh na bliana agus ardú €113.91 ar chostais gháis.

Ní rachaidh na harduithe i bhfeidhm ar chustaiméirí atá ag íoc táillí seasta.

An tseachtain seo caite, d’fhógair an Phríomhoifig Staidrimh go raibh praghsanna mórdhíola leictreachais 67.7% níb airde ag deireadh mhí Eanáir 2025 ná mar a bhí siad ag deireadh mhí Eanáir 2024.

Ach tá praghsanna mórdhíola leictreachais fós 56.8% níos ísle ná mar a bhí siad ag a mbuaicphointe i mí Lúnasa 2022.

Tá SSE Airtricity ar an tríú soláthróir fuinnimh is mó i margadh na hÉireann. Tá 245,000 custaiméir leictreachais acu agus 85,000 custaiméir gáis.

Tá SSE Airtricity ar an tríú soláthróir fuinnimh is mó i margadh na hÉireann. Tá 245,000 custaiméir leictreachais acu agus 85,000 custaiméir gáis.

Deir an comhlacht go mbaineann na harduithe seo leis an méadú ar chostais sheachtracha, ar nós táillí gréasáin agus praghsanna mórdhíola fuinnimh.

Deir siad go bhfuil trí laghdú déanta acu ar phraghsanna ó bhí 2022 ann agus go ndearna siad cinneadh gan brabús a ghlacadh in 2023.