skip to main content

Pobal Chill Iúráin i gContae an Chláir fós gan chumacht ná fón cúig seachtaine tar éis Éowyn

Tá pobal tuaithe in oirthear Chontae an Cláir, Cill Iúráin, gan chlúdach gutháin ná idirlín cúig seachtaine ó bhuail stoirm Éowyn an tír.
Tá pobal tuaithe in oirthear Chontae an Cláir, Cill Iúráin, gan chlúdach gutháin ná idirlín cúig seachtaine ó bhuail stoirm Éowyn an tír.

Tá pobal tuaithe in oirthear Chontae an Cláir gan chlúdach gutháin ná idirlín cúig seachtaine ó bhuail stoirm Éowyn an tír.

Tá an pobal i gceantar Chill Iúráin ag achanní go ndeiseofaí na línte sa cheantar gan a thuilleadh moille.

Dúirt an feirmeoir Martin McMahon, atá ina chonaí sa cheantar, go bhfuil daoine aosta i measc an phobail nach bhfuil in ann glaoch a dhéanamh ná a fháil.

"Tá imní mhór orthu ó thaobh sábháilteachta de; dá mbeadh cás éigeandála ann, nach mbéidís in ann glaoch ar na seirbhísí éigeandala", a dúirt sé.

Is príomhoide scoile í Miriam Nic Gabhann agus tá sí ina conaí sa cheantar chomh maith. Dúirt sí go bhfuil an pobal buailte go mór, ceal seirbhísí teileafóin ná idirlín.

"Tá daoine anseo a bhí ag obair ón mbaile. Níl siad in ann é sin a dhéanamh anois. Is príomhoide scoile mise agus má bhíonn múinteoirí tinn, níl siad in ann teagmháil a dhéanamh liom sa bhaile agus nílimse in ann teagmháil a dheanamh leis an scoil. Bhí sé dúshlánach nuair nach raibh cumhacht aibhléise againn ar feadh seachtaine, ach táimíd gan chóras cumarsáide ná idirlín anois le cúig seachtaine".

Is de bharr crainn a bheith titithe ar línte cumhachta atá mórán do na línte cumhachta agus cumarsáide briste, a dúirt an Teachta Dála áitiúil, Joe Cooney

D'árdaigh an Teachta Dála áitiúil Joe Cooney an t-ábhar sa Dáil an tseachtain seo. Is de bharr crainn a bheith titithe ar línte cumhachta atá mórán do na línte cumhachta agus cumarsáide briste, a dúirt sé. Thug sé le fios go raibh gá le rialacha nua a thabhairt isteach chun cosán níos leithne a fhágáil idir línte cumhachta aibhléise agus crainn i bhforaoisí.

Ag tabhairt freagra air, dúirt an tAire Stáit go bhfuil cúraimí foraoiseachta air, Michael Healy Rae, go nglacann sé leis go raibh fadhb ann. Dúirt sé go raibh plé sa Roinn fé láthair ar reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun cosaint níos féarr a thabhairt do línte cumhachta trí fhoraoisí.

"Tá teipthe ar na cosáin atá ann fé láthair agus ar an reachtaíocht reatha maidir leo", a dúirt sé.

Tá iarrachtaí fós á ndéanamh an pobal i gCíll Iúráin a athcheangal leis an ngreasán cumarsáide agus idirlín.