skip to main content

"Ní chreidim gur dhúirt mé gur deachtóir é Zelensky!" - Trump

Tá Uachtarán Trump Mheirceá i ndiaidh meas a léiriú d'Uachtarán Zelensky na hÚcráine agus rinne sé beag is fiú den mhaslú a rinne sé ar Uachtarán Zelensky, nuair a dúirt sé gur "deachtóir" a bhí ann.

"Beidh cruinniú breá againn", a dúirt an tUachtarán Trump, "agus táimid ag súil go réiteoimid go maith lena chéile."

"Tá go leor measa agam air", a dúirt Donald Trump, nuair a bhí sé ag roinnt ardáin le Príomhaire na Breataine, Keir Starmer, ag comhdháil nuachta.

"Ní chreidim gur thug mé le fios gur deachtóir a bhí ann", a dúirt sé.

Tá diancháineadh á dhéanamh le fada ag Donald Trump ar na billiúin euro d’airm agus d’fhóirithint eile atá tugtha ag na Stáit Aontaithe don Úcráin. Ach d’athraigh sé a phort roimh an gcruinniú idir é féin agus Zelensky na hÚcráine. Tá súil go síneoidh an bheirt fhear margadh maidir le cearta mianadóireachta a bheith ag na Stáit Aontaithe san Úcráin le linn an chruinnithe sin inniu.

B’é Uachtarán Trump Mheirceá a bhrúigh an margadh chun cinn, mar tá sé ag lorg cúitimh ón Úcráin as an airgead atá caite ag na Stáit Aontaithe ar an gcogadh idir an Úcráin agus an Rúis go dtí seo. Thabharfaí sciar de shaibhreas mianach na hÚcráine do Mheirceá faoin margadh.

Bhain caint an Uachtaráin Trump siar as ceannairí na hEorpa níos luaithe an mhí seo, nuair a dúirt sé go labhródh sé go díreach le Vladimir Putin na Rúise féachaint leis an gcogadh san Úcráin a thabhairt
chun críche.

Bhain caint an Uachtaráin Trump siar as ceannairí na hEorpa níos luaithe an mhí seo, nuair a dúirt sé go labhródh sé go díreach le Vladimir Putin na Rúise féachaint leis an gcogadh san Úcráin a thabhairt chun críche. Thug sé le fios freisin gurbh iad na hÚcránaigh a chur tús leis an gcogadh agus gur deachtóir é Uachtarán Zelensky na hÚcráine.

"Ar dhúirt mé sin?", a scríobh Uachtarán Trump ar an ardán Truth Social inniu. "Ní chreidim gur dhúirt mé a leithéid!"