skip to main content

Díbríodh grúpa daoine ar chairteitilt chun na Seoirsia aréir, triúr ban agus páiste amháin ina measc.

"Díbreoidh Biúro Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce daoine atá sa tír go mídhleathach ar ais go dtí na tíortha as ar tháinig siad." - an tAire Dlí agus Cirt
"Díbreoidh Biúro Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce daoine atá sa tír go mídhleathach ar ais go dtí na tíortha as ar tháinig siad." - an tAire Dlí agus Cirt

Díbríodh grúpa daoine ar chairteitilt chun na Seoirsia aréir, triúr ban agus páiste amháin ina measc.

Bhí sé ar an gcéad oibríocht díbeartha ón tír seo, ó shínigh an Stát conradh anuraidh le comhlacht eitlíochta maidir le heitiltí díbeartha a chur ar fáil.

I ráiteas ar X, thug an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, le fios go raibh 32 duine, a raibh orduithe díbeartha faighte acu cheana, ar bord an eitleáin a bhí ag triall ar Aerfort Tbilisi na Seoirsia. "Tá na daoine ar fad ar ais sa tSeoirsia anois go sabháilte."

Thug an Garda Síochána le fios go raibh 28 fear agus triúr ban ar bord an eitleáin. Bhí páiste ina measc freisin. Bhí athair agus máthair an pháiste á ndíbirt ar an eitleán céanna.

Bhí Gardaí, foireann leighis, anteangaire agus breathnóir maidir le cearta daonra ar an eitleán freisin.

Dúirt an tAire O’Callaghan ar maidin go raibh na Seoirsigh a díbríodh sa stát go mídhleathach. "Má tá tú ag lorg tearmainn, agus mura bhfuil tú i dteideal tearmann a fháil, níor chóir duit teacht go hÉirinn", a dúirt sé.

"Má tá tú ag lorg tearmainn, agus mura bhfuil tú i dteideal tearmann a fháil, níor chóir duit teacht go hÉirinn", a dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan

"Ní dhéanfar daoine a dhíbirt ar an mbealach seo ach amháin sa chás nár fhág siad an Stát as a ndeoin féin i ndiaidh dóibh ordú díbeartha a fháil", a dúirt sé.

"Má theipeann ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, tairgeann an stát cúnamh d’iarratasóirí filleadh abhaile as a ndeoin féin. Mura nglacann siad leis an tairiscint sin, díbreoidh Biúro Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce na daoine sin ar ais go dtí na tíortha as ar tháinig siad."

Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón tseirbhís a chuireann lóistín ar fáil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta go raibh 2,992 duine ón tSeoirsia ag fanacht i lóistín de chuid an stáit.