skip to main content

Trump, Zelensky le comhaontú a shíniú in Washington arú amárach

Zelensky agus Trump le comhaontú a shíniú maidir le mianraí luachmhara
Zelensky agus Trump le comhaontú a shíniú maidir le mianraí luachmhara

Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go mbeidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ag teacht go Washington an Aoine beag seo lena ainm a chur le "comhaontú an-mhór".

Ag trácht a bhí Trump ar chomhaontú i dtaca le mianraí luachmhara atá le fáil san Úcráin agus a bhfuil Meiriceánaigh á santú.

Mhaígh sé gur caoi a bheadh sa chomhaontú do na Meiriceánaigh "lena gcuid airgid a fháil ar ais" as an tacaíocht mhíleata a bhí tugtha acu don Úcráin le trí bliana.

Níos túisce inniu, dúirt Zelensky nach raibh aon ghealltanais sa chomhaontú fós maidir le slándáil na hÚcráine, ach mhaígh Trump ina dhiaidh sin go raibh slándáil na tíre geallta ag an bhfáil a bheadh ag Meiriceánaigh ar na mianraí.

Dúirt Zelensky freisin go raibh an Úcráin fós ag iarraidh dul i bpáirt le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, é sin nó socrú cosúil leis a dhéanamh le tíortha an Iarthair.

Sa fhreagra a thug Trump air sin, áfach, dúirt sé gurbh fhearr do Zelensky dearmad a dheanamh ar a leithéid de shocrú.

Go deimhin, mhaígh Trump gur dhóichí gurbh é mian sin na hÚcráine ba chionsiocair leis an ionradh a rinne an Rúis ar an tír in 2022.

Thug sé le tuiscint chomh maith gur ghairid go mbeadh sos cogaidh san Úcráin agus dúirt sé den chéad uair go mbeadh ar Uachtarán na Rúise Vladimir Putin roinnt a ghéilleadh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ