Díbríobh as Iosrael inné an Feisire Eorpach Lynn Boylan ó Shinn Féin tar éis di teacht chun na tíre sin mar chuid de thoscaireacht oifigiúil ón Aontas Eorpach.
Stop na húdaráis Lynn Boylan agus daoine eile ó Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh chun na Palaistíne nuair a bhain siad amach Aerfort Ben Gurion in aice le Tel Aviv.
Is í Lynn Boylan cathaoirleach na toscaireachta sin, agus coinníodh agus ceistíodh í ar feadh uair an chloig go leith sular cuireadh ar eitleán ar ais chun na Bruiséile í in éineacht lena comhghleacaithe.
Bhí an turas socraithe le cead na nIosraelach le roinnt míonna agus bhí na toscairí Eorpacha le comhráite a bheith acu le roinnt feisirí parlaiminte in Iosrael agus le hoifigigh ó Údarás na Palaistíne sa Bhruach Thiar.
Thug Lynn Boylan le fios gur tógadh a bpasanna, a bhfóin agus a ríomhairí nuair stopadh ag an aerfort iad agus dúirt nach bhfuair siad ar ais iad nó gur bhain siad an Bhruiséil amach.
Dúirt sí freisin gur ghlac na hIosraelaigh grianghraif de na toscairí agus gur fhoilsigh siad iad ar na meáin shóisialta.
Sárú ar shonraí pearsanta daoine is ea é sin gan aon agó, arsa sí, agus tá sí ag iarraidh ar an Aontas Eorpach beart a dhéanamh ina leith.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ