skip to main content

An Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí tar éis bháis

An Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí
An Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí

Tá ómós tugtha ag grúpaí cearta daonna agus ag an aos léinn agus litríochta don Mhoinsíneoir Réamonn Ó Muirí as Co Ard Mhacha atá tar éis bháis. Bhí sé 94 bliian d'aois.

Scoláire, file, údar agus gníomhaí ab ea Réamonn Ó Muirí.

Chomh maith lena shaothar léinn agus litríochta, is iomaí leabhar agus paimfléad a scríobh sé faoin fhoréigean a rinne stát na Breataine ar an phobal náisiúnach sa Tuaisceart, an leabhar The SAS in Ireland (1990) ina measc.

Ba as an Bhaile Úr i ndeisceart Ard Mhacha ó dhúchas Réamonn Ó Muirí agus tháinig sé faoi anáil agus faoi oiliúint a chomhthírigh, an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, go háirithe agus é ina ábhar sagairt i gColáiste Phádraig i Má Nuad.

Nuair a hoirníodh ina shagart é i 1962 is go hiarthar Bhéal Feirste a cuireadh ag obair é.

É féin, an tAthair Donncha Mac Phóil agus an tAthair Brian Ó Brádaigh, bhunaigh siad an Cumannn um Cheartas Dlíthiúil a rinne cuid mhór oibre ar son daoine a himtheorannaíodh i dtús na 1970í agus ar tugadh drochíde daofa nuair a bhí siad faoi choinneáil.

Go deimhin, bhí an tAthair Ó Muirí ar dhuine de na daoine a thug fianaise sa chás a thug Rialtas na hÉireann i gcúirt Eorpach faoin drochíde a tugadh do na príosúnaigh dá ngairtear Fir na gCochall.

Bhí sé ina shéiplíneach chomh maith i bpríosún na mban in Ard Mhacha agus chuireadh sé tuairiscí bliantúla chuig Rialtas na Breataine faoi na coinníollacha ansin.

An Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí (Pic: Comhaltas Uladh CnaG/Facebook)

I ráiteas ón ghrúpa íospartach Gaolta ar son Ceartais, dúradh go raibh Réamonn Ó Muirí ina an-comhairleoir agus ina an-treoraí ag teaghlaigh ar mharaigh stát na Breataine nó gníomhairí na Breataine daoine muinteartha leo.

Ba é an tAthair Ó Muirí, a dúradh, a tharraing aird idirnáisiúnta ar na modhannna faoi leith a bhí ag stát na Breataine le daoine a chéasadh agus ar an chlaonpháirtíocht idir an stát agus dhílseoirí.

Mar lena shaothar léinn, bhí Réamonn Ó Muirí ina eagarthóir ar an iris léannta staire Seanchas Ard Mhacha idir 1986 agus 2013.

Chuir sé in eagar sé fosta an mórshaothar Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh (Éigse Oirialla, 1994), ar eagrán scolártha é de shaothar staire Airt Mhic Bhionaid.

D'fhoilsigh sé trí chnuasach filíochta lena linn, mar atá, Athphreabadh na hÓige (An Clóchomhar, 1964); Arán ar an Tábla (An Clóchomhar, 1970) agus Lampaí Dearga (Coiscéim, 2005) a ghnóthaigh Duais an Oireachtais.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTE