Tá Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe tar éis vótaí a chaitheamh ag glacadh le 2 rún a bhí ag sárú a chéile faoin gcogadh san Úcráin, ceann dréachtaithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ceann dréachtaithe ag an Úcráin í féin.

Glacadh le 93 vóta in aghaidh 18, agus 65 tír ag staonadh, le rún na hÚcráine - a raibh tacaíocht aige ó Chumhachtaí na hEorpa - ag cáineadh an athuair ionradh na Rúise agus ag éileamh go dtarraingeodh an Rúis siar ó chríocha na hÚcráine.
Bhí rún curtha os comhair an Chomhthionóil ag na Stáit Aontaithe ag iarraidh "deireadh gan mhoill" ar an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin, gan aon trácht ar fhreagracht na Rúise, ach glacadh le leasuithe ó thíortha san Eoraip ina sonraítear "an mór-ionradh a rinne an Rúis" agus ag dearbhú an athuair sláine críche na hÚcráine.
Nuair a glacadh leis na leasuithe sin, staon Meiriceá san vóta ar an rún a bhí curtha acu féin faoi bhráid an tionóil dhomhanda i Nua Eabhrac.

Glacadh leis an rún leasuithe ar chomhaireamh 93 ar a shon, 8 ina aghaidh agus 73 ag staonadh.
"Dea-bheart" a bhí tugtha ag Ambasadóir na Rúise chun na Náisiúin Aontaithe Vassily Nebenzia ar an rún a bhí dréachtaithe ag na Meiriceánaigh, rún a bhí glan in aghaidh an pholasaí atá ag comhghuaillithe de chuid na Stát Aontaithe san Eoraip agus athrú ó bhonn ar an ngaol a bhí idir na Cumhachtaí TrasAtlantacha ó thosaigh an cogadh 3 bliana ó shin, tráth a raibh an tUachtarán Biden i gceannas.
Tá an 193 ballstát sa gComhthionól Ginearálta tar éis glacadh le rún le móramh ollmhór cheana ag cáineadh ionradh Arm na Rúise agus ag éileamh ar an Rúis tarraingt siar.

Ach - ní ionann agus an Chomhairle Slándála ar a bhfuil 15 ballstát - is cuntas iad na vótaí sin agus ar an dá vóta inniu ar dhearcadh na cruinne i gcoiteann, gan aon seasamh sa dlí.
Tá sé beartaithe chomh maith ag Meiriceá an rún atá ullmhaithe acu a chur os comhair na Comhairle Slándála ag cruinniú ag an gComhairle sin níos déanaí.
Ach an oiread leis an 4 bhallstát eile a bhfuil suíochán buan acu ag an mbord sin - Meiriceá, an tSín, An Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe - tá veto ag an Rúis agus tá cosc curtha cheana acu ar ghníomhartha de chuid na Comhairle Slándála i leith na hÚcráine.
Ach níor tharla sé cheana ó thosaigh an cogadh 3 bliana go díreach is an lá inniu go raibh an Rúis agus Meiriceá ar aon intinn, mar atá anois is cosúil, faoi rún a bhain leis an gcogaíocht.
Tá súil ag tíortha sa nEoraip tuairiscítear a ghabháil i bhfeidhm ar bhallstáit eile ar an gComhairle Slándála le staonadh nó le vóta a chaitheamh in aghaidh rún na Stát Aontaithe.

Ach meastar gur beag fonn atá ar an bhFrainc ná ar an Ríocht Aontaithe veto a chur i bhfeidhm - rud nach bhfuil déanta acu ó 1989 - go háirithe agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar cuairt tráthnóna ar an Uachtarán Donald Trump i Washington, agus PríomhAire na Breataine Keir Starmer le theacht chomh fada leis an saoiste nua i Meiriceá Déardaoin.