Deir ceannasaí na Náisiún Aontaithe gur "údar an-mhór imní" é an chaoi a bhfuil cóilínigh de chuid Iosrael ar Bhruach Thiar na Palaistíne ag géarú ar an bhforéigean agus ag éileamh go nglacfaí seilbh iomlán ar an áit.
Chuir an tArdRúnaí Antonio Guterres béim ar an soc comhraic atá fós i bhfeidhm, más ar éigean é, agus dúirt sé go raibh "muintir Ghaza tar éis an iomarca a fhulaingt mar atá."
Tá Arm Iosrael freisin ag cuir nirt faoina bhfeachtas ar an mBruach Thiar agus é fógartha inné ag Rialtas Iosrael go mbeidh siad "an chuid eile den bhliain" i mbun gníomhartha armtha sna campaí teifeach sna Críocha Gafa.
Tá na scórtha míle Palaistíneach a bhí ina gcónaí sna campaí sin díbeartha ag an Arm cheana féin ó lár na míosa seo caite.
Díreach tar éis den sos comhraic a theacht i bhfeidhm i nGaza a thug an tArm faoi mhór-ruathar ar thóir lucht troda de chuid Hamas agus Jihad Ioslamach atá láidir i gcuid de na campaí teifeach ar an mBruach Thiar.

Tá an ruathar tar éis neartú agus scaipeadh le mí i mbruachbhailte i gcathracha Jenin, Tulkarem agus Tubas.
Tá an teannas méadaithe ó oíche Déardaoin nuair a phléasc buamaí ar 3 bhus a bhí folamh i gclós páirceála i Tel Aviv in Iosrael. Níor gortaíodh aon nduine. Cé gur mhol Briogáid Al-Qassam, eite armtha Ghluaiseacht Hamas an t-ionsaí buamála, níor ghlac siad freagracht as.
Inné a d'fhógair Arm Iosrael go raibh tancanna á seoladh acu go Jenin "leis an bhfeachtas a fhorbairt".
Níor facthas tancanna de chuid Iosrael cheana ar an mBruach Thiar le breis is 20 bliain, ó 2002, aimsir an Dara Intifada, nó Mór-Éirí Amach na bPalaistíneach.