Tuigtear go láidir anois gurb é Friedrich Merz seansailéir nua na Gearmáine.
De réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh vótála tá thart ar 29% de sciar an vóta ag a pháirtí, na Daonlathaithe Críostaí (CDU).
Beidh brú air anois dul i mbun comhrialtais leis an bpáirtí sóisialach (SBD) agus le Comhaontas Glas chomh maith le páirtí amháin eile b'fhéidir le go mbeidh móramh aige sa Bundestag,parlaimint na Gearmáine.
Is cinnte go gcaithfidh na páirtithe sa lár teacht le chéile.
Díol imní dóibh an borradh mór atá tagtha ar an AFD (Alternative Fur Deutchland), páirtí atá an-fhada ar dheis agus a chreideann go bhfuil cúrsaí inimirce ó smacht sa tír.
Tá malairt treo ann don Ghearmáin, sin a mhaíonn an páirtí go láidir.
Ceaptar go mbeidh sciar vóta 20% ag an bpáirtí seo, an dara háit bainte amach aige agus vóta is láidre riamh do pháirtí dá chineál ó ré na naitsíoch sa tír.
Is é an páirtí sin scéal mór an olltoghchán seo agus a vóta dúbailte aige i measc an phobail ó 2021.
An fhadhb atá leis an AFD ná d'uireasa na míorúilte, nach meallfaidh sé aon pháirtí eile le comhrialtas a bhunú.
Ba ar maidin inniu a thug pobal na Gearmáine na bothanna vótála orthu féin inniu don olltoghchán sa tír.
Suas le 60m duine atá i dteideal vótála sa tír agus deirtear nach raibh an pholaitíocht chomh scoiltithe thall ansin le cuimhne na ndaoine.
Táthar anann is cinnte nach mbeidh aon bhuaiteoir glan, mar sin beidh an páirtí is fearr a chruthaíonn ag braith ar pháirtithe eile le Rialtas a bhunú.
Tá a gcuid fadhbanna féin freisin ag páirtí an Rialtais, Na Daonlathaithe Sóisialta (SBD) agus ceaptar gur beag gean ná trua a bheidh ag an bpobal vótála dóibh siúd an iarraidh seo.
Ceaptar gurb iad na Daonlathaithe Críostaí (CDU), an páirtí traidisiúnta caomhach faoi cheannasaíocht Friedrich Merz, is fearr a chruthóidh san olltoghchán seo.
Tuigtear go bhféachfaidh siadsan ansin i dtreo an SBD agus Comhaontas Glas ar mhaithe le móramh a ghnóthú chun Rialtas a bhunú.
Mar is minice an cás, is í an eacnamaíocht an cheist mhór san olltoghchán agus An Ghearmáin ag cúlú go hidirnáisiúnta le 2 bhliain.
Ach sna sála leis sin agus ceist atá gaolta leis ag braith ar do thuairim, is ea ceist na hinimirce agus díospóireacht á chothú go láidir ag an AFD.
Ní haon chabhair é roinnt de na coireanna atá ag tarraingt cainte le tamall agus an bealach a bhfuil páirtithe den eite dheis á n-úsáid le ceist na hinimirce a tharraingt anuas.