Níl an Stát buailte go fóill pé scéal é ag an ráig is deireanaí de Fhliú na nÉan.
Sin i ndiaidh na tástála don aicíd ar fheirm éanlaithe clóis i gContae Mhuineachán.
Bhí imní léirithe go mba fhéidir go raibh an fliú i ndiaidh an fheirm seo cóngarach don teorainn a bhualadh.
Cuireadh suas le 60,000 éan de mhaith an tsaoil i gCo.Thír Eoghain le gairid.
Tá imní ann go bhfuil sé beo i measc éanlaith clóis ó thuaidh den teorainn mar atá sa Bhreatain.
Dearbhaíodh tamall ó shin go raibh Fliú na nÉan ar éanacha fiáine ar oileán na hÉireann.
Ach léirigh an tástáil seo ar an bhfeirm i gContae Mhuineachán gur diúltach a taifeadadh don sampla.
Tá sé i gceist breis tástálacha a dhéanamh inniu.
Is i gcontaetha Mhuineacháin agus an Chabháin atá formhór na bhfeirmeacha móra cearc i bPoblacht na hÉireann.