skip to main content

Fineáil €10,000 gearrtha ar Luis Rubiales i gcúirt sa Spáinn

Luis Rubiales taobh amuigh den chúirt i Maidrid
Luis Rubiales taobh amuigh den chúirt i Maidrid

In Ardchúirt na Spáinne, gearradh fíneáil €10,000 ar Luis Rubiales, iarLeas-Uachtarán Aontas Chumainn Sacair na hEorpa agus iarUachtarán Chónaidhm Sacair na Spáinne.

Ciontaíodh Luis Rubiales i bpóg a thabhairt don imreoir sacair Jenni Hermoso in aghaidh a tola i ndiaidh do mhná na Spáinne Corn an Domhain a bhuachan san Astráil in 2023.

Fuarthas Rubiales neamhchiontach in iallach a chur ar Hermoso a rá go poiblí go raibh cead tugtha aici dó í a phógadh.

Bhí an t-ionchúiseamh ag iarraidh go ngearrfaí téarma príosúin ar Rubiales.

Dúirt sé go raibh rún aige achomharc a dhéanamh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ