Tá sé ráite ag urlabhraí ó Rialtas na Rúise go n-aontaíonn siad go hiomlán le Rialtas na Stát Aontaithe i dtaca leis an gcogadh san Úcráin.
Dúirt an t-urlabhraí Dmitry Peskov go bhfuil na Rúisigh sásta go bhfuil an tUachtarán Donald Trump níos báúla leo ná mar a bhí an té a bhí sa Teach Bán roimhe.
Ag trácht dó ar na comhráite síochána a bhí ar siúl san Araib Shádach i dtús na seachtaine, dúirt Peskov go raibh sé socraithe ag na Rúisigh agus na Meiricéanaigh teacht le chéile arís gan mhoill le súil na ceisteanna móra a réiteach eatarthu.
Tagann caint mhaíteach na Rúiseach sna sála ar an gcáineadh géar a rinne Trump ar Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky inné.
Ní mór do Zelensky gníomhú go pras agus deireadh a chur leis an gcogadh, arsa Trump. Mura ndéanfaidh sé amhlaidh, a dúirt sé, scriosfar an Úcráin.
Bhí Trump sna sodair agus ní raibh aon chónaí faoi agus é déanamh leibhéal ar Zelensky.
Chuir sé an milleán faoin gcogadh ar an Úcráin agus dúirt sé gur deachtóir ab ea Zelensky mar nár ghair sé olltoghchán ó tháinig sé i gcumhacht.
D'fhreagair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine Andrii Sybiha agus dúirt nach gcuirfeadh aon duine iachall ar an tír géilleadh don Rúis.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ