Tá tús curtha ó mhaidin le cainteanna Riyadh san Araib Shádach le deireadh a chur leis an chogadh san Úcráin.
Tá oifigigh sinsearacha Meiriceánacha agus Rúiseacha i mbun caibidil ach níl aon duine ón Úcráin i láthair.
Deir an Úcráin nach féidir socrú síochána a dhéanamh thar a gceann.
Tá súil go réiteoidh na cainteanna an bealach do chruinniú mullaigh idir Donald Trump agus Vladimir Putin.
Deir Moscó go bhfuil súil acu le dul chun cinn faoi cheist na heacnamaíochta ó seo go ceann roinnt míonna mar chuid den idirbheartaíocht leis na Stáit Aontaithe.
Dúirt oifigeach Rúiseach i Riyadh go bhfuil siad dóchasach go gcuirfidh Donald Trump deireadh leis na smachtbhannaí atá i bhfeidhm ar an Rúis ó rinne siad ionradh ar an Úcráin.
"Ceapaim go ndéanfaimid dul chun cinn gan mhoill, b'fhéidir sa chéad dhá nó trí mhí eile," a dúirt Kirill Dmitriev ar theilifís stáit na Rúise. Is é Dmitriev ceannasaí Chiste Infheistíocht Dhíreach na Rúise agus eadránaí eacnamaíochta Mhoscó sna cainteanna seo le Washington.
Níos luaithe dúirt sé le tuairisceoirí go ndearcann an Rúis ar Donald Trump agus a fhoireann mar dhaoine a "réitíonn fadhbanna."
Bhí baint ag Kirill Dmitriev, iar-bhaincéir le Goldman Sachs a fuair a chuid oideachais sna Stáit Aontaithe, le luathchainteanna ar shon rialtas Vladimir Putin nuair a bhí Donald Trump ina uachtarán idir 2016-2020.
Ceart ceannasach ag an Úcráin dul isteach san Aontas Eorpach, a deir an Chreimil
Tá sé ráite ag urlabhraí de chuid na Creimile gur ceart ceannasach don Úcráin féin í ceist bhallraíocht na tíre san Aontas Eorpach agus nach bhfuil rún ag an Rúis a dheachtú do rialtas Kív conas is ceart dóibh dearcadh ar an ábhar.
Dúirt Dmitry Peskov áfach gur ceist eile ar fad í páirtíocht na hÚcráine i gcomhghuaillíochtaí míleata - is ag tagairt do NATO a bhí sé.
Ionsaí dróin ón Rúis ar lár na hÚcráine
Idir an dá linn rinne an Rúis ionsaí dróin ar bhailte i lár na hÚcráine thar oíche
De réir urlabhraí míleata de chuid na hÚcráine, scaoil an Rúis 176 drón san ionsaí ach d'éirigh le harm na hÚcráine 103 dóibh siúd a chur ó mhaith. Dúirt an turlabhraí nár éirigh le 67 ceann eile a sprioc a bhaint amach de bharr iarrachtaí an airm iad a chur ar éidtreoir.
Níor tugadh le fios cén deireadh a bhí ar na sé cinn eile ach amháin gur buaileadh ceantair Kirovohrad, Kharkiv, Kyiv agus Cherkasy.