Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky tar éis beag is fiú a dhéanamh de na cainteanna síochána atá beartaithe idir Meiriceá agus an Rúis san Araib Shádach faoi dheireadh a chur leis an gcogaíocht san Úcráin, agus tá sé tar éis a rá arís go gcaithfear ionadaíocht na hÚcráine a chinntiú in aon chomhráití faoi thodhchaí na tíre.
Ag labhairt a bhí sé agus Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio tar éis an Araib Shádach a bhaint amach, áit a bhfuil cainteanna beartaithe idir taidhleoirí sinsearacha ón dá ollchumhacht domhanda.
Casfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov agus Yuri Ushakov, iar-Ambasadóir de chuid na Rúise chun na Stát Aontaithe, le toscaireacht Mheiriceá amárach a deir an Kremlin.
I dteannta Marco Rubio ag na cainteanna síochána i Riyadh beidh Comhairleoir Náisiúnta Slándála Mheiriceá Mike Waltz, agus an Toscaire Speisialta Steve Witkoff.
Gan é ach mí ó thóg Donald Trump seilbh an athuair ar an Uachtarántacht, is é an cruinniú amárach an teacht le chéile is sinsearaí idir an dá thír le breis is 6 bliana.
"Ní bheidh an Úcráin páirteach. Níorbh eol don Úcráin aon ní faoi" a dúirt Zelensky agus é ar cuairt oifigiúil stáit ar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Diúltaíonn muid don idirbheartaíocht, séanann muid aon socrú a dhéanfaí gan muid a bheith páirteach".
Tá ceannaire na hÚcráine le bheith san Araib Shádach arú amárach, cuairt oifigiúil eile stáit atá beartaithe le tamall a deir sé, cuairt "gan aon bhaint aige" a deir sé leis an gcruinniú idir na Rúisigh agus na Meiriceánaigh.
Dúirt sé chomh maith go bhfuil an Úcráin "ag éileamh barántais sa mbreis slándála" mar chuid den mhargadh atá déanta aige féin agus ag an Uachtarán Trump faoi thaisce ollmhór mianraí na hÚcráine a chuir ar fáil le díol le Meiriceá.
Beidh sé ag tabhairt cuireadh a deir sé chomh maith do Thoscaire Trump chun na hÚcráine Keith Kellogg a theacht in éineacht leis ar cuairt ar na saighdiúirí i líne thosaigh an chogaidh Déardaoin.
San Araib Shádach deir Sergei Lavrov nach mbeidh aon ghéilleadh sna cainteanna le Meiriceá ar an limistéar atá Arm na Rúise tar éis a ghabháil san Úcráin, tuairim is 20% den tír.
"Talamh a tugadh ar lámh é sin aimsir bhunú an Aontais Shóivéidí don tír ar a dtugtar an Úcráin anois" a deir Lavrov.
Tá Reuters ag tuairisciú ó mhí na Samhna go mbeadh an tUachtarán Putin sásta margadh a dhéanamh leis an Uachtarán Trump, gan mórchuid talún a ghéilleadh agus ar an gcoinníoll nach gceadófaí ballraíocht i NATO don Úcráin.
Labhair an bheirt ar an nguthán an tseachtain seo caite agus socraíodh cainteanna a eagrú láithreach faoi shos comhraic a aontú.
Ba é polasaí an Uachtaráin Biden, i dteannta tromlach ceannairí san Eoraip, nach raibh ar bun ag an Rúis ach santú mídhleathúil críocha ar chiumhais thoir na hEorpa.
"Feachtas speisialta míleata" atá ar siúl más fíor do Putin, ar mhaithe le cearta lucht labhartha Rúisise a chosaint, agus leis an Úcráin a choinneáil amach as NATO.

Tar éis 3 bliana cogaíochta, baineadh geit as na Cumhachtaí Móra eile an tseachtain seo caite nuair a d'fhógair Réimeas Trump nach gceadófaí an Úcráin isteach i NATO, nach mbeadh aon ghabháil-siar ar theorainn na hÚcráine roimh 2014, agus nach mbeadh aon bhaint ag tíortha Eorpacha leis na cainteanna síochána idir Meiriceá agus an Rúis.
"Níl óna tíortha sin ach go leanfaí leis an gcogadh" a deir Lavrov "mar sin tuige a dtabharfaí cuireadh dóibh ag cainteanna síochána."
Tá an tAontas Eorpach, tuairiscíonn AFP, ag cur brú ar bhallstáit breis armlóin a chur chun na hÚcráine - ina measc córais cosanta aeir, diúracáin agus ar a laghad 1.5 milliún sliogán airtléire.
Tá Príomhaire na Breataine Keir Starmer tar éis a rá go bhfuil sé faoi réir saighdiúirí de chuid na tíre sin a sheoladh anonn, agus tá ceannairí Eorpacha le casadh le chéile amárach i bPáras le seasamh na hEorpa a phlé.

Dheimhnigh Donald Trump inné go mb’fhéidir gur "go rí-ghairid" a bheadh cruinniú aige le Vladimir Putin.
"Sílim" a deir sé "go bhfuil Putin ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh, agus deire a chur go tapaidh leis.
Sin é sílim atá uaidh Zelensky freisin."