Fógraíodh anuraidh go raibh meánscoil lán-Ghaeilge nua le bunú i mBaile Átha Cliath. Bhí feachtas ar bun le fada ag cúig Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath – sna postchóid BÁC 2, 4, 6 agus 8 – chun Gaelcholáiste a bhunú sa gceantar. Ach tá sé curtha in iúl anois ag bord bainisíochta Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Synge nach bhfuil siad le leanacht ar aghaidh leis an socrú mar gheall nach bhfuil an Roinn ag dul i gcomhairle leo.
Deir pobal na scoile - na múinteoirí agus an bord bainistíochta - gur tháinig an fógra gur Gaelcholáiste a bheadh sa scoil ón mbliain 2026 aniar aduaidh orthu. Níor insíodh dóibh faoin tiontú go dtí lá amháin roimh an bhfógra poiblí, a deir siad.
Tá imní ar Chumann na Meánmhúinteoirí an ASTI, a deir siad, faoi chur chuige na Roinne Oideachais. Tá an ceardchumann ag tacú le seasamh bhord bainistíochta na scoile, a deir siad.
Bhí cruinniú ag patrún an scoile, Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís, leis an Roinn Oideachais inné, inar pléadh na ceisteanna atá ardaithe ag pobal na scoile faoi iompú na scoile ina Gaelcholáiste.
Cúis díomá atá ann do lucht feachtais ar son Gaelcholáiste, áfach, mar is beag an rogha Gaelcholáiste atá ar fáil do dhaltaí i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas, i ndiaidh dá mbunoideachas i nGaelscoil teacht chun críche.
I ráiteas ón Roinn Oideachais tráthnóna, dúradh "go dtacaíonn an Roinn Oideachais go hiomlán le bunú Gaelcholáiste i gceantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas agus tá sí tiománta go hiomlán dó sin. Tá an Roinn ag obair faoi láthair le hIontaobhas Scoileanna Éamainn Rís lena chinntiú go bhfuiltear i mbun plé - go leanúnach agus go soiléir - le CBS Shráid Synge." Tá an Roinn ag iarraidh a chinntiú go dtiontófar an scoil go rathúil ina Gaelcholáiste comhoideachais ar bhonn céimnithe ó mhí Mheán Fómhair 2026, a deir siad.